Nuashonrú ó na Coimisinéirí Ioncaim ar leibhéal na gclárúchán custam le haghaidh an Bhreatimeachta

Agus gnóthais ag leanúint ar aghaidh ag ullmhú don Bhreatimeacht, tá figiúirí cothrom le dáta curtha ar fáil ag na Coimisinéirí Ioncaim inniu (01/03/2019) i ndáil le hiarratais ar an bpríomhchlárúchán le haghaidh custam, is é sin an uimhir EORI (Clárú agus Aithint Oibreoirí Eacnamaíochta). Is íos-riachtanas é an uimhir seo do ghnóthais le go mbeidh siad in ann earraí a bhogadh chuig, ó nó tríd an Ríocht Aontaithe ó 29 Márta 2019 ar aghaidh.

Le seacht lá anuas, tá 416 gnóthas tar éis iarratas a dhéanamh ar uimhir custam (EORI), agus anois tá 42,662 gnóthas Éireannach ann a bhfuil clárúchán den chineál seo acu. Leagtar amach thíos na figiúirí clárúcháin custam (EORI) carnacha a eisíodh in 2019 agus léirítear ann, go bhfuil 2,617 clárúchán den chineál seo ann go dtí seo, i gcomparáid le 2,976 don bhliain 2018 ar fad.

Dáta

Clárúcháin charnacha (ó 01/01/19 ar aghaidh)

31/01/2019

384

8/02/2019

1,315

15/02/2019

1,828

22/02/2019

2,254

28/02/2019

2,617

Agus í ag trácht ar na figiúirí seo, chuir Ceannasaí Aonad Breatimeachta na gCoimisinéirí Ioncaim, Lynda Slattery, fáilte roimh an bhfíric go bhfuil gnóthais ag freagairt do theachtaireacht na gCoimisinéirí Ioncaim faoin tábhacht a bhaineann le hullmhúchán a dhéanamh don Bhreatimeacht anois: 'Mura bhfuil do chlárúchán custam (EORI) agat, tá fíorbhaol ann, nach bhfuil gá leis, go mbeidh moill agus fadhbanna suntasacha i gceist le d’earraí a bhogadh tar éis an Bhreatimeachta’.

Mhol sí go láidir do ghnóthais gníomhú anois: ‘Níl táille ar iarratas le haghaidh clárúchán custam (EORI) agus féadtar é a chomhlánú go sciobtha agus go héasca trí sheirbhísí slán ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim. Léiríonn na figiúirí seo go bhfuil mórán gnóthas ag déanamh ullmhúcháin cheana féin. Má dhéanann tú trádáil leis nó tríd an Ríocht Aontaithe, nó fiú má tá tú ag cuimhneamh ar thrádáil a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe tar éis an Bhreatimeachta, cinntigh go bhfaigheann tú d’uimhir clárúcháin custam (EORI) anois’.

Ar deireadh, tá na Coimisinéirí Ioncaim ag cur i gcuimhne do ghnóthais go bhfuil roinnt céimeanna bunúsacha ann ba chóir do gach gnóthas a thógáil anois le bheith ullamh don Bhreatimeacht d’fhonn earraí a bhogadh, nó leanúint d’earraí a bhogadh chuig nó tríd an Ríocht Aontaithe tar éis an Bhreatimeachta:

  • Cuir isteach ar do chlárúchán custam (EORI) nó iarr ar do ghníomhaire iarratas a dhéanamh ar do shon.
  • Cinntigh go bhfuil ná háiseanna agatsa, nó ag gníomhaire ar do shon, chun dearbhú custam a dhéanamh.
  • Bíodh a fhios agat céard é Cód Tráchtearra na n-earraí nó táirgí a bheidh á n-iompórtáil nó á n-easpórtáil agat.

Tá na trí rud seo lárnach agus gnóthas ag iarraidh earraí a bhogadh ó, chuig agus tríd an Ríocht Aontaithe tar éis an Bhreatimeachta.

[Críoch 01/03/2019]