12,000 toitín gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath

Inné (05/03/2018), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 12,000 toitín neamhstampáilte nuair a rinne siad cuardach, faoi bharántas, ar áit chónaithe phríobháideach i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.

Ba é an branda ‘Marlboro Gold a bhí ar na toitíní contrabhanna, a tháinig ón Úcráin agus costas miondíola os cionn €6,400 orthu, agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil de thuairim agus €5,600 don Státchiste. Rinne na Coimisinéirí Ioncaim Laitviach fir sna fichidí a cheistiú agus tá imscrúduithe ar bun d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh.

Tá an oibríocht seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar sholáthar agus ar dhíol táirgí alcóil agus tobac sa scáthgheilleagar. Íocann an chuid is mó de dhaoine an tsuim cheart chánach agus dleachta. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal faoi thoitíní nó táirgí tobac á smuigleáil nó a dhíol, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir saorghlao 1800 295 295.

[CRÍOCH 06/03/2019]