Staitisticí Cánach Maoine Áitiúla foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (07/01/2019), d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim na staitisticí is déanaí i leith na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) le haghaidh 2018, ina sonraítear fáltais CMÁ de €482 milliún ina n-áirítear €2 milliún i leith riaráistí Muirir Teaghlaigh. Agus ráta ard comhlíontachta de 97% ann, rud atá ar aon dul le blianta roimhe, léirítear sna staitisticí go gcomhlíonann formhór na n-úinéirí maoine a ndualgais íocaíochta. 

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag meabhrú d’úinéirí maoine nár íoc fós nó nach ndearna socraíochtaí chun dliteanais CMÁ 2019 a íoc, gurb é an Déardaoin seo chugainn, 10 Eanáir an spriocdháta chun íoc go hiomlán le cárta dochair/creidmheasa, seic nó Údarú Bliantúil Dochair (le cur chun dochair go huathoibríoch ó chuntais bhainc ar an 21 Márta 2019).

An bealach is tapúla agus is éasca chun d’íocaíocht a shocrú ná tríd an gcóras CMÁ ar líne nó de rogha air sin féadtar teagmháil a dhéanamh linn tríd an Deasc Chabhrach don CMÁ ar (01) 738 36 26.

Staitisticí Cánach Mhaoine Áitiúla

[Críoch: 07/01/2019