Revenue seize over 2 million cigarettes worth over €1 million in Dublin Port

Dé Luain (04/03/19), mar thoradh ar ghnáthphróifíliú, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 2.3 milliún toitín smuigleáilte a tháinig isteach go Calafort Bhaile Átha Cliath i gcoimeádán ó Rotterdam na hÍsiltíre. 

Tá luach miondíola níos mó ná €1.2 milliún ar na toitíní, de bhunadh na Béalarúise agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil níos mó ná €1 milliún don Státchiste. 

Tá imscrúduithe leanúnacha ar siúl.

Íocann formhór na ndaoine an cháin agus an dleacht cheart.  Más eol duit go bhfuil duine páirteach in imghabháil chánach nó smuigléireacht, bí cinnte é a thuairisciú.  Déan teagmháil le hUimhir Rúnda na gCoimisinéirí Ioncaim ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 07/03/2019]