Drugaí gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim in Ionaid Poist Phort Laoise ar luach €142,000

Inniu (13/03/2019), mar thoradh ar phróifíliú rialta, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 7.1kg de channabas luibhe ag Ionad Poist Phort Laoise ar luach measta sráide de €142,000.

Aimsíodh na drugaí taobh istigh de dhá bheart a tháinig ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ó Ceanada agus a bhí beartaithe le haghaidh seoltaí i lár Bhaile Átha Cliath. Bhí an lipéad 'bréagáin’ ar bheart amháin agus ‘gloiní fíona’ ar an mbeart eile.

In oibríocht eile inniu (13/03/2019), le linn gnáthoibríochtaí, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim in Ionaid Poist Baile Átha Cliath eacstais ar luach measta sráide de €4,500.

Tháinig oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim ar an eacstais in dhá bheart le cabhair ó bhrathadóir madra na gCoimisinéirí Ioncaim, Bailey. Bhí na pacáistí beartaithe le haghaidh seoltaí i nGaillimh agus Ros Comáin.

Tá imscrúduithe ar bun d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtálacha drugaí. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Shaorghlao 1800 295 295.

[CRÍOCH 13/03/2019]