Cannabas luibhe ar luach €100,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim in Ionaid Phoist Bhaile Átha Cliath

Le cabhair ó bhrathadóir madra na gCoimisinéirí Ioncaim, Bailey, thángthas ar na drugaí neamhdhleathacha agus iad i bhfolach i seacht bpacáiste a raibh na lipéid ‘dialanna’, ‘uirlisí cistine’, ‘gaothrán USB’, ‘bréagáin’ agus ‘úraitheoir aeir charr’ orthu.

Tháinig na drugaí ó Ceanada agus ó na Stáit Aontaithe agus bhí siad beartaithe le haghaidh seoltaí i mBaile Átha Cliath agus Port Láirge.

Tá imscrúduithe ar bun d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtálacha drugaí. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 18/04/2019]