35kg de chócaon ar luach os cionn €2.5milliún gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i Ros Láir

Inné (18/07/19), mar thoradh ar phróifíliú rialta, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 35kg de chócaon i gCalafort Ros Láir ar luach measta sráide de níos mó ná €2.5milliún.

Aimsíodh na drugaí mídhleathacha le cabhair ó bhrathadóir madra na gCoimisinéirí Ioncaim Timba, nuair a rinne oifigigh stopadh agus cuardach ar bhosca chapaill cláraithe in Éirinn ina raibh 8 capaill á n-iompar a tháinig i dtír ar bhád farantóireachta as Cherbourg na Fraince. 

Ghabh na Gardaí Éireannach fir sna 40aidí agus tá sé á choinneáil faoi láthair i Stáisiún Gardaí Loch Garman, faoi fhorálacha Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996.

Tá imscrúduithe ar bun.

Tá na oibríochtaí rialta seo mar chuid d’obair leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtáil drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Theileafóin faoi Rún 1800 295 295.  

Críoch [19/07/2019]