MDMA ar luach €33,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath.

Inniu (24/05/2019), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim timpeall 560g de MDMA ar luach measta sráide de €33,000, le linn cuardaigh faoi bharántas ar theach i gCnocán Doirinne, Baile Átha Cliath.

Rinneadh an ghabháil, a bhí mar thoradh ar oibríocht bunaithe ar fhaisnéis faoi stiúir ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim agus Gardaí ó Aonad Drugaí Chluain Tarbh agus ó Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe. Ghabh na Gardaí Éireannach fir 23 bliain ar an láthair. Tugadh go Stáisiún Ghardaí Ráth Eanaigh é agus tá sé á choinneáil ann faoi fhorálacha Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996.

Tá imscrúduithe ar bun.

Bhí an oibríocht seo mar chuid de chomh-imscrúduithe leanúnacha bunaithe ar fhaisnéis a dhíríonn ar iompórtálacha drugaí neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

 [Críoch 24/05/2019]