Impleachtaí Custam don trádáil le Tuaisceart Éireann

An Creat Windsor

Tá an Windsor Framework, a tháinig i bhfeidhm ar an 25 Márta 2023, glactha go foirmiúil ag an Ríocht Aontaithe (RA) agus an tAontas Eorpach (AE). 

Beartaítear leis na socruithe nua simpliú a dhéanamh ar nósanna imeachta custam, éascú don phost beartán agus leathnú ar an scéim trádálaí iontaofa reatha.

I mí Mheán Fómhair 2023, tháinig Scéim Mhargadh Inmheánach na Ríochta Aontaithe (UKIMS) in ionad Scéim Trádálaí Iontaofa na Ríochta Aontaithe. Cuireann an scéim nua le líon agus cineál na ngnóthaí is féidir a údarú chun earraí a aistriú go Tuaisceart Éireann faoi na socruithe 'nach bhfuil i mbaol'.

Cuirfear tús le gach éascú custaim, lena n-áirítear dearbhuithe simplithe agus éascaithe a úsáid le haghaidh post beartán, an 30 Meán Fómhair 2024.

Tabhair do d’aire

Baineann na simplithe atá beartaithe sa Chreat Windsor le trádálaithe atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann agus le hearraí a iompórtáiltear go Tuaisceart Éireann.

Tá earraí atá beartaithe d'Éirinn, a sheoltar trí Thuaisceart Éireann, fós faoi réir riachtanais custam agus iompórtála iomlána. Ciallaíonn sé seo gur féidir le trádálaithe Éireannacha:

  • leanúint ar aghaidh ag comhlánú a gcuid gnásanna custam i dTuaisceart Éireann
  • a gcuid earraí a bhogadh, faoin nós imeachta idirthurais custaim, chun na gnásanna a chomhlánú ar theacht isteach ag áitreabh údaraithe in Éirinn.

Ar aghaidh: Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann