Impleachtaí Custam don trádáil le Tuaisceart Éireann

  1. Léargas ginearálta
  2. An Creat Windsor
  3. Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann

Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann

Níl an Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear Tuaisceart Éireann, mar Bhall den Aontas Eorpach (AE) a thuilleadh.

Tá na gnásanna trádála le Tuaisceart Éireann leagtha amach sa Revised Protocol on Ireland and Northern Ireland (an Prótacal) a tháinig i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021. Aithnítear sa Phrótacal an staid uathúil ina bhfuil Éire agus Tuaisceart Éireann tríd an méid seo:

  • teorainn chrua a sheachaint, lena n-áirítear aon bhonneagar fisiceach nó seiceálacha agus rialuithe gaolmhara, idir Éire agus Tuaisceart Éireann
  • agus
  • an geilleagar uile-oileáin agus Comhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Bhéal Feirste) a chosaint.

Cuirtear réitigh chomhpháirteacha AE agus na Ríochta Aontaithe ar ghnéithe den Phrótacal a bhí ag cruthú deacrachtaí gan choinne i dTuaisceart Éireann ar fáil faoin gCreat Windsor, a tháinig i bhfeidhm ón 25 Márta 2023.

Ba cheart tagairtí don Phrótacal a léamh mar thagairtí lena n-áirítear na hathruithe a tugadh isteach leis an gCreat Windsor.

Cur i bhfeidhm an Phrótacail

Faoin bPrótacal, fanann Tuaisceart Éireann:

  • go dlíthiúil mar chuid de chríocha custam an Ríocht Aontaithe
  • agus
  • taobh istigh de Mhargadh Aonair an AE chun earraí a bhogadh amháin.

Tá na himpleachtaí praiticiúla seo a leanas ar rialacha maidir le trádáil earraí idir Éire, Tuaisceart Éireann agus an AE:

  • Ní bheidh dearbhuithe custam, taraifí ná srianta cainníochta i gceist.
  • Ní bheidh seiceálacha ná rialuithe custam ar oileán na hÉireann.
  • Ní bheidh riachtanais sábháilteacht agus slándáil i gceist.
  • Leanfar de rochtain ar an gCóras Malartaithe Faisnéise CBL (VIES) chun go mbeidh trádálaithe Thuaisceart Éireann in ann cuntas a thabhairt ar Cháin Bhreisluacha (CBL) ar fháltais agus soláthairtí laistigh den Chomhphobal.
  • Leanann trádálaithe Thuaisceart Éireann de ghluaiseacht táirgí inmháil a chur i gcrích tríd an gCóras um Rialú agus um Ghluaiseacht Máil (EMCS)

Chun Margadh Aonair an AE a chosaint, foráiltear sa Phrótacal go bhfanann Tuaisceart Éireann de bheith ailínithe le sraith theoranta rialacha de chuid an AE a bhaineann le hearraí. Leanann an Union Customs Code de bheith i bhfeidhm i leith na n-earraí uile a thagann isteach go Tuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór nó tríú tíortha eile (tíortha neamh-AE agus tíortha CSTE).

Trádálaithe Thuaisceart Éireann

Maidir leis na riachtanais atá i gceist i leith trádáil idir Tuaisceart Éireann, an AE, an Bhreatain Mhór agus tríú tíortha, ba chóir duit dul i gcomhairle le HMRC le haghaidh tuilleadh treorach. 

Ní ghlactar le huimhreacha EORI na Breataine Móire ar chórais custam an AE a thuilleadh. Rinneadh uimhreacha EORI Thuaisceart Éireann a nuashonrú le cód tíre ‘XI’. Glactar le huimhreacha EORI XI ar chórais imréitigh custam na hÉireann.