Smachtbhannaí an AE mar fhreagra ar an staid san Úcráin

Mar fhreagra ar an staid leanúnach san Úcráin, tá aon phacáiste smachtbhanna déag tugtha isteach ag an Aontas Eorpach (AE). Tá na smachtbhannaí dírithe ar limistéir réigiúin na hÚcráine nach bhfuil faoi smacht an rialtais, (Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia), An Rúis agus An Bhealarúis.

Tá na pacáistí smachtbhannaí foriomlána déanta suas de bhearta sriantacha spriocdhírithe ar dhaoine aonair agus ar eintitis shonraithe, caidreamh eacnamaíoch le limistéir na hÚcráine nach bhfuil faoi smacht an rialtais, srianta airgeadais i gcoinne na Rúise agus toirmisc éagsúla iompórtála agus easpórtála i ndáil leis an Rúis agus leis an mBealarúis. Ní mór d’údaráis inniúla an AE agus oibreoirí eacnamaíocha an AE na bearta seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach. 

Is í an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta (RFTF) an t-údarás inniúil in Éirinn atá freagrach as na bearta éagsúla a glacadh maidir le smachtbhannaí trádála a chur i bhfeidhm. Tugann na Coimisinéirí Ioncaim cabhair don RFTF iompórtálacha agus easpórtálacha a rialú faoi réir smachtbhannaí agus tá rialuithe custam curtha i bhfeidhm acu chun éifeacht a thabhairt do na bearta seo.

Féadtar tuilleadh eolais a fháil ag na naisc thíos:

Dul Timpeall ar Bhearta Sriantacha an AE

Cuireann na bearta smachtbhanna cosc ar iompórtáil nó easpórtáil díreach nó indíreach earraí sonracha, agus cuirtear toirmeasc ar aon ghníomhaíochtaí chun dul timpeall ar na toirmisc sin. Ceanglaíonn siad freisin ar na Ballstáit pionóis a chur i bhfeidhm i leith aon sáruithe ar na rialacháin.

I bhfianaise na féidearthachta dul timpeall, moltar d'oibreoirí eacnamaíocha san Aontas bearta leordhóthanacha a thógáil chun cosc a chur ar dhul timpeall ar na bearta:

  • Nuair atá earraí á easpórtáil acu, ba chóir do thrádálaithe aird ar leith a thabhairt agus iad ag easpórtáil chuig tríú tíortha ina bhféadtar easpórtálacha den chineál sin a atreorú go héasca i dtreo na Rúise agus na Bealarúise. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar easpórtálacha earraí atá faoi smachtbhannaí chuig tíortha an Aontais Eacnamaíoch Eoráiseach (EAEU) - an Rúis, an Bhealarúis, an Airméin, an Chasacstáin, agus an Chirgeastáin-, toisc go bhfuil earraí in aon bhall den EAEU i saorchúrsaíocht ar fud an EAEU.
  • Nuair atá earraí á iompórtáil acu ó thríú tíortha, ba chóir d’iompórtálaithe aird a leith a thabhairt do thionscnamh na n-earraí, toisc go bhféadtar earraí atá faoi smachtbhannaí a atreorú chuig an AE. Go sonrach, tá gá le haird ar leith nuair nach gcuireann tríú tíortha srianta i bhfeidhm ar a n-iompórtálacha ón Rúis agus ón mBealarúis. Ba chóir cúram ar leith a chur i bhfeidhm chomh maith ar earraí a iompórtáiltear ó thíortha eile an EAEU, toisc go meastar na hearraí sin a bheith i saorchúrsaíocht ar fud an EAEU.

Moltar d'easpórtálaithe agus d'iompórtálaithe céimeanna a thógáil le cinntiú go n-áirítear ina gconarthaí iompórtála agus easpórtála forálacha a chinntíonn nach dtagann na hearraí ó nó nach bhfuil na hearraí beartaithe don Rúis nó don Bhealarúis. Féadfaidh sé go n-áireofaí sna bhforálacha sin ráiteas gur gné bhunriachtanach den chonradh é comhlíonadh na mbeart sin, nó clásail chonarthacha lena gceanglaítear ar an iompórtálaí i dtríú tíortha:

  • gan na hearraí a lena mbaineann a easpórtáil chuig an Rúis ná chuig an mBealarúis
  • agus
  • gan na hearraí a athdhíol le haon tríú páirtí nach dtugann gealltanas ina dhiaidh sin nach n-easpórtálfar na hearraí ina dhiaidh sin chuig an Rúis nó chuig an mBealarúis.

Féadtar treoir ar dhul timpeall a sheachaint a fháil ag na naisc seo thíos: