Socruithe uaireanta oscailte le linn tréimhse na Nollag 2022

De ghnáth, seachas laethanta saoire bainc (26 agus 27 Nollaig agus an 2 Eanáir), cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim gnáthsheirbhísí ar fáil thar thréimhse saoire na Nollag agus na hAthbhliana. Fanfaidh ár n-oifigí poiblí de bheith dúnta ón 28 Nollaig go dtí an 30 Nollaig. Beidh Calafoirt agus Aerfoirt ar oscailt agus gnáthsheirbhísí á gcur ar fáil, seachas an 25 Nollaig. Go ginearálta, feidhmeoidh an Líne Chabhrach Custam ar bhonn 24 uair an chloig leis na heisceachtaí áirithe seo a leanas atá leagtha amach thíos:                                           

Dé Sathairn 24, Dé Luain 26 agus Dé Máirt 27 Nollaig 2022

  • Osclófar an Líne Chabhrach Custam ó 07.00 go 19.00.

Dé Céadaoin 28 agus Déardaoin 29 Nollaig

  • Dúnfar an Líne Chabhrach Dleachta Stampa ar an gCéadaoin 28 Nollaig agus osclófar í ó 10:00 go dtí 13:00 ar an Déardaoin 29 Nollaig.

30 Nollaig 2022

  • Osclófar an Deasc Chabhrach ROS ó 9.30 go 13.30.

Dé Sathairn 31 Nollaig 2022, Dé Luain 1 agus Dé Máirt 02 Eanáir 2023

  • Osclófar an Líne Chabhrach Custam ó 07.00 go 19.00.