Iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht Cánach Breisluacha (CBL) ar fhoirgnimh feirme

Más feirmeoir neamhchláraithe thú, féadtar éileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht CBL ar fhoirgnimh feirme ó 1 Eanáir 2019 ar aghaidh. Ba chóir an t-éileamh seo a dhéanamh leis an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí.

Céard a theastaíonn chun éileamh a dhéanamh?

Chun d’éileamh a dhéanamh leis an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí, teastóidh an méid seo a leanas:

  • sonraí d’éilimh, lena n-áirítear uimhir an tsonraisc, sonraí an tsoláthraí agus suim an CBL atá á héileamh
  • Uimhir Idirnáisiúnta Cuntais Bainc (IBAN) agus Cód Aitheantais Bainc do chuntais bainc.

Ní chaithfear doiciméid tacaíochta a chur isteach le d’éileamh, ach amháin má iarrtar é.

Ba chóir gach sonrasc a choinneáil ar feadh sé bliana, ar an ábhar go bhféadfaidh sé go dteastóidh siad seo le breithmheas a dhéanamh orthu.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí trí moChúrsaí, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Cliceáil ar an rannán ‘Seirbhísí Eile’ faoin gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ in moChúrsaí.
  • Cliceáil ar an gcárta ‘Éilimh ríomh-Aisíocaíochta’. 

Féadtar teacht ar an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Cliceáil ar an rannán ‘Seirbhísí Eile’ sa réimse ‘Mo Sheirbhísí Féin’ ar ROS.
  • Cliceáil ar an gcárta ‘Éilimh ríomh-Aisíocaíochta’.