Féachaint ar do Dheimhniú Creidmheasanna Cánach

Más custaiméir Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) thú, féadtar do Dheimhnithe Creidmheasanna Cánach a fheiceáil, a íoslódáil nó a phriontáil ó Mo Chuid Doiciméad.

Is éard is Mo Chuid Doiciméad ann ná áis in moChúrsaí chun doiciméid áirithe a stóráil. Féadtar teacht air ar an ribín ar bharr an leathanaigh baile moChúrsaí, nó ón gcárta ‘Bainistigh Mo Thaifead’. Má tá aon cháipéisí ann nár léigh tú, léireofar ciorcal oráiste ar an deilbhín fillteáin le haghaidh Mo Chuid Doiciméad.

Aon Deimhnithe Creidmheasanna Cánach ar do thaifead atá níos sine ná ceithre bliana d’aois, stórálfar iad san fhillteán ‘Cartlann’.

Nuair a úsáideann tú ríomhaire deisce nó fón póca chun teacht ar an tseirbhís, féadfaidh sé go mbeidh ort do chuid socruithe brabhsálaí a leasú chun teachtaireachtaí aníos a cheadú. Ligfidh sé seo duit teacht ar do chuid doiciméad.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar Mo Chuid Doiciméad trí moChúrsaí ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Cliceáil ar ‘Mo Chuid Doiciméad’ ar bharr an leathanaigh baile moChúrsaí.
  • Roghnaigh an fillteán don bhliain chuí ón scáileán ‘Achoimre’.
  • Eolas a fheiceáil, a íoslódáil nó a phriontáil ó Mo Chuid Doiciméad.