Deacrachtaí le logáil isteach ar ROS
Ríomhaire nua a úsáid chun logáil isteach
Má tá teacht agat ar an seanríomhaire, féadtar an deimhniú a aistriú chuig do ríomhaire nua mar a mhínítear thíos.
Mura bhfuil teacht agat ar an seanríomhaire agus más tusa an riarthóir ROS, bain úsáid as an bhfeidhm Athshocraigh logáil isteach. Féadtar athshocrú a dhéanamh má glanadh do ríomhaire, nó má rinneadh damáiste dó.
Má bhaineann do dheacracht le deimhniú fo-úsáideora, iarr ar do riarthóir ROS deimhniú nua a eisiúint.
Ar chúiseanna slándála, níor chóir riamh deimhnithe a roinnt idir úsáideoirí nó a chur i ríomhphoist. Chun teacht ar ROS ó bhreis agus gléas amháin, ba chóir duit Deimhniú fo-úsáideora nó ceangailte a shocrú.
An chaoi le deimhniú digiteach a aistriú chuig ríomhaire eile
Mínítear sna treoracha thíos an chaoi leis seo a dhéanamh.
- Ar do sheanríomhaire, aimsigh comhad cúltaca an deimhnithe:
Windows
- Is éard atá anseo ná comhad le haghaidh ainm do dheimhnithe dar críoch an iarmhír .p12 nó .p12.bac
- Is gnách go mbíonn an comhad seo i d’fhillteán Íoslódálacha nó in C:\ROS\RosCerts.
- Ba chóir dó a bheith níos lú ná dhá bhliain d’aois.
- Ba chóir go bhfreagródh dáta leasaithe an chomhaid do cheann díobh seo:
- an data a d'íoslódáiltú do dheimhniú digiteach.
- nó
- an dáta a rinne tú do dheimhniú digiteach a athnuachan den uair dheiridh.
MAC OSX
- Ainm an chomhaid do do dheimhniú dar críoch an iarmhír .p12 nó .p12.bac
- The file is usually in your downloads folder or in ROS/RosCerts in your home folder.
- Ba chóir dó a bheith níos lú ná dhá bhliain d’aois.
- Ba chóir go bhfreagródh dáta leasaithe an chomhaid do cheann díobh seo:
- an dáta a d’íoslódáil tú do dheimhniú digiteach
- or
- an dáta a rinne tú do dheimhniú digiteach a athnuachan den uair dheiridh.
- Bog an comhad seo chuig méaróg chuimhne nó chuig gléas eile ionas go bhféadtar teacht air ó do ríomhaire nua
- Cruthaigh fillteán do chomhad cúltaca an deimhnithe ar do ríomhaire nua
Windows
- Oscail an brabhsálaí comhad agus aimsigh é ar an tiomántán C: ar do ríomhaire.
- Cruthaigh fillteán nua agus tabhair an t-ainm 'ROS' air
- Oscail an fillteán ROS agus cruthaigh fillteán nua ann darb ainm ‘RosCerts’.
MAC OSX
- I roghchlár an ‘Finder’ cliceáil ar ‘Go’ agus roghnaigh ‘Home’.
- Cliceáil ar shiombail an rotha fhiaclaigh i bhfuinneog an ‘Finder’ agus roghnaigh ‘New folder’ – tabhair an t-ainm ‘ROS’ air
- San fhillteán ROS, cruthaigh fillteán nua ann darb ainm ‘RosCerts.
- Bog comhad cúltaca an deimhnithe chuig an méaróg chuimhne ón bhfillteán RosCerts a chruthaigh tú ar do ríomhaire nua.
- Lódáil an deimhniú isteach i do bhrabhsálaí ar do ríomhaire nua. Chun tuilleadh eolaid a fháil, féach ar am treorleabhar:
- Tar éis duit logáil isteach ar ROS ar an ríomhaire nua gan deacrachtaí, ba chóir duit aon chóip den deimhniú a bhaint ar bhealavch slán uathu seo:
- ón seanríomhaire
- ón méaróg chuimhne.
Ar aghaidh: Tá an deimhniú in úsáid neamhbhailí