Deacrachtaí leis an logáil Isteach le haghaidh ROS a athshocrú
Ní raibh muid in ann d'iarratas a phróiseáil ag an tráth seo
Má tá tú ag fáil an teachtaireacht earráide:
'Ní raibh muid in ann d’iarratas a phróiseáil ag an tráth seo'. Déan teagmháil le Deasc Chabhrach ROS le haghaidh tuilleadh eolais' níl an rogha chun an logáil isteach a athshocrú ar fáil duit.
Féadfaidh sé go bhfuil sé seo amhlaidh toisc:
- nach bhfuil na ceisteanna slándála socraithe fós
- go bhfuil do phróifíl Riarthóir ROS neamhiomlán (uimhir fóin nó seoladh ríomhphoist)
- gur freagraíodh na ceisteanna slándála go mícheart tar éis dhá iarracht
Beidh ort teagmháil a dhéanamh linn chun an deimhniú a chúlghairm. Ansin féadfaidh tú clárú arís chun deimhniú digiteach ROS nua a fháil. Seol iarratas ríomhphoist chuig roshelp@revenue.ie le d'uimhir chlárúcháin chánach agus 'Cúlghair deimhniú ROS' a iarraidh.