Liosta na Mainnitheoirí Cánach Foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

D’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim inniu (05/03/2019) Liosta na Mainnitheoirí Cánach i dtaca leis an tréimhse 1 Deireadh Fómhair 2018 go 31 Nollaig 2018. Foilsítear an liosta seo in Iris Oifigiúil in dhá chuid.

  • Cuid 1 daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2 daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse (31 Nollaig 2018). Tá suimeanna gan íoc faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

  • Cinneadh Cúirte ar Phionós: Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuairnach n-aontaíonn duine a bheith faoi dhliteanas pionóis, nó nuair a loiceann siad pionós comhaontaithe a íoc,is í an Chúirt a chineann an pionós. Foilsítear sonraínuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán agus nuair is mó ná €35,000 é iomlán na cánach, an úis agus an phionóis agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta:
    • 6 cinn de chásanna den chineál seo á bhfoilsiú agus is é €325,293.15 iomlán na bpionós arna ngearradh ag Cúirt
    • Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag Cúirt: Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte seo féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta
      • 178 cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €429,090 iomlán na bpionós arna ngearradh ag Cúirt. I measc na gcásanna seo tá:
        • 114 cás inar loiceadh tuairisceán cánach a thíolacadh, inar loiceadh ráiteas ar chúrsaí nó inar loiceadh CBL a íoc. Gearradh fíneálacha Cúirte suas le €20,000
        • 34 cás inar baineadh mí-úsáid as ola mianraí marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte idir €2,500 agus €6,000 ina leith agus pionóis Chúirt eile lena n-áirítear 240 uair seirbhís pobail
        • 29 cás de choireanna máil agus coireanna ceadúnaithe lena n-áirítear táirgí tobac a smuigleáil, toitíní a dhíol go neamhdhleathach, táirgí tobac aindleathach a próiseáil, loiceadh ceadúnas reatha licéir a choinneáil, agus seilbh ar alcól nár gearradh cáin air a choinneáil lena dhíol agus seilbh ar fheithicil neamhchláraithe. Gearradh fíneálacha cúirte oiread agus €5,000 agus i measc na bpionós eile Cúirte bhí 6 mhí príosúnachta, pianbhreith coimeádta ar fionraí iomlán 18 mí agus ordú dúnta 2 lá
        • 1 chás inar cuireadh bac ar Oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, ar gearradh pionós chúirte 120 uair a chloig seirbhíse pobail in ionad 4 mhí príosúnachtaina thaobh.

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 73 cás á fhoilsiú inniu agus is é €12,718,967.69 iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo
  • Bhain 37 cás le suimeanna os cionn €100,000
    • bhí 5 cinn díobh níos mó ná €500,000
    • agus bhí 1 cheann díobh níos mó ná €1m
  • Bhain 24 díobh le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoi 31 Nollaig 2018 
  • Bhí suim €5,398,219.44 gan íoc faoi 31 Nollaig 2018. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí gan íoc a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe uile na gCoimisinéirí Ioncaim. 

Sa tréimhse 3 mhí go 31 Nollaig, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 1,120 cinn d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, chomh maith le 22,515 cinn d’Idirghabhálacha Bainistíochta Riosca (Gnéfhiosruithe & Agallaimh Phróifíle), a raibh toradh €132.30 milliún i gcáin, ús agus pionóis orthu.

Liosta na Mainnitheoirí Cánach

 [CRÍOCH 05/03/2019]