Seimineáir agus físeáin eolais ar an mBreatimeacht

Treoir agus tacaíochtaí Breatimeachta – cur i láthair (Deireadh Fómhair)

Chun cabhrú le gnóthaí agus iad ag ullmhú don Bhreatimeacht, tá na físeáin cur i láthair seo a leanas curtha ar fáil ina dtugtar treoir agus tacaíocht:

Trádáil leis an mBreatain Mhór: Iompórtáil – D’earraí a iompórtáil tríd an aer nó ar an bhfarraige le LóLó

Tugtar achoimre san fhíseán seo ar na riachtanais iompórtála maidir le hearraí a thagann isteach go hÉirinn ón mBreatain Mhór. I measc na riachtanais seo tá dearbhuithe sábháilteachta agus slándála, fógraí um láithriú agus dearbhuithe stórála sealadaí.

Trádáil leis an mBreatain Mhór: Iompórtáil – d’earraí a iompórtáil ar bád farantóireachta RóRó

Léirítear san fhíseán seo an feidhmchlár Seirbhís Róró Custam nua. Léirítear ann an méid is gá duit a dhéanamh sula dtéann tú ar bord. Léirítear an chaoi le do chainéal custam a sheiceáil roimh dhíbhordáil. Léirítear freisin an chaoi le seiceáil isteach ag an gcampún custam má ghlaoitear thú le haghaidh seiceáil Custam nó seiceáil Sláintíochta agus Fíteashláintíochta (SPS).

Trádáil tríd an mBreatain Mhór: Earraí a bhogadh tríd an Ríocht Aontaithe mar dhroichead talún – an nós imeachta idirthurais

Tugtar achoimre san fhíseán seo ar na riachtanais maidir le hearraí a bhogadh tríd an Ríocht Aontaithe mar dhroichead talún. Tugtar eolas ann ar earraí a bhogadh ag baint úsáide as an gnáthnós imeachta idirthurais agus an nós imeachta idirthurais simplithe.

Trádáil leis an mBreatain Mhór: Earraí a easpórtáil chuig an Ríocht Aontaithe

Tugtar achoimre san fhíseán seo ar na riachtanais maidir le hearraí a bhogadh chuig an Ríocht Aontaithe ar bhád farantóireachta RóRó, LóLó agus tríd an aer. Léirítear ann an méid is gá duit a dhéanamh sula dtéann tú ar bord an bháid farantóireachta.

Trádáil le Tuaisceart Éireann: Prótacal na hÉireann / Thuaisceart Éireann

Tugtar achoimre san fhíseán seo ar na himpleachtaí do ghnóthaí atá páirteach in earraí a bhogadh ar oileán na hÉireann ón 1 Eanáir 2021.

 

Ar aghaidh: Seisiúin theicniúla maidir leis an mBreatimeacht – cur i láthair (Deireadh Fómhair 2020)