Seimineáir agus físeáin eolais ar an mBreatimeacht
Seisiúin theicniúla maidir leis an mBreatimeacht – cur i láthair (Deireadh Fómhair 2020)
Chun cabhrú le gnóthaí agus iad ag ullmhú don Bhreatimeacht, tá na físeáin cur i láthair seo a leanas curtha ar fáil ina gclúdaítear ábhair theicniúla:
Próiseáil isteach agus próiseáil amach
Tugtar achoimre san fhíseán seo ar na nósanna imeachta custam a d’fhéadfadh ligean duit Dleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a chur ar fionraí nó níos lú de a íoc. Féadfaidh feidhm a bheith ag na faoisimh seo agus do chuid earraí á mbogadh go sealadach isteach nó amach as an AE le haghaidh próiseála.
Stórasú Custam agus úsáid deiridh
Tugtar míniú san fhíseán seo ar an gcaoi le húdarú a fháil don nós imeachta um stórasú custam agus úsáide deiridh. Tarraingítear aird ann ar na cineálacha éagsúla stórasaithe agus sainaithnítear na buntáistí sreafa airgid a bhaineann leis na húdaruithe.
Cead isteach sealadach agus faoisimh
Tugtar cur síos san fhíseán seo ar an bpróiseas cead isteach sealadach agus ar na cineálacha éagsúla faoisimh custam atá ar fáil. Beidh sé seo mar ábhar spéise duit má iompórtálann tú earraí áirithe go sealadach isteach san AE. Samplaí d’earraí den chineál seo is ea samplaí, trealamh gairmiúil, míreanna ar ceant, nó earraí le haghaidh taispeántais nó léirithe.
Aicmiúchán taraifí agus luacháil custam
Tugtar cur síos san fhíseán seo ar aicmiúchán taraifí agus luacháil custam. Léirítear ann an tábhacht a bhaineann le hearraí a aicmiú i gceart agus na himpleachtaí a bhaineann le taraifí a aicmiú go mícheart.
Earraí toirmiscthe nó srianta a bhogadh
Tugtar eolas san fhíseán seo ar earraí a bhogadh atá toirmiscthe nó srianta ag tráth na hiompórtála agus na heaspórtála.
Impleachtaí CBL agus máil
Sonraítear san fhíseán seo na hathruithe CBL agus máil a bheidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021.
Athruithe CCF
Tugtar cur síos san fhíseán seo ar an bpróiseas chun feithiclí a iompórtáil agus easpórtáil ó agus chuig an Ríocht Aontaithe, Tuaisceart Éireann san áireamh. Clúdaítear freisin feithiclí a iompórtáil agus easpórtáil chuig Ballstáit eile an AE tríd an Ríocht Aontaithe mar dhroichead talún.
Buntáistí agus teorainneacha a bhaineann le bheith i do ‘thrádálaí iontaofa’ údaraithe – OEÚ agus nósanna imeachta simplithe
Tugtar achoimre san fhíseán seo ar na buntáistí agus na teorainneacha a bhaineann le bheith i d’Oibreoir Eacnamaíochta Údaraithe (OEÚ), ar a nglaoitear ‘trádálaí iontaofa’ go minic.
Rialacha tionscnaimh
Tugtar achoimre san fhíseán seo ar na rialacha tionscnaimh agus na rátaí dleachta fabhracha. Tá sé seo ábhartha go háirithe maidir le hearraí monaraithe, rud a mbeidh gné nua ag baint leo ón 1 Eanáir 2021.
Roinnt ceisteanna airgeadais – ráthaíochtaí cuimsitheacha, cuntasaíocht ar atráth, íocaíocht iarchurtha
Tugtar achoimre san fhíseán seo ar roinnt ceisteanna agus éascaíochtaí airgeadais a bhféadfá machnamh a dhéanamh orthu le haghaidh do ghnó.