Scaireanna d'fhostaithe

Léargas ginearálta

Tabhair do d'aire

Is é an 31 Márta 2024 an spriocdháta le haghaidh tuairiscithe scaireanna maidir le himeachtaí intuairiscithe 2023. Léigh tuilleadh ar an leathanach seo.

Is bealach breise iad scaireanna chun luach saothair a thabhairt do d’fhostaithe, sa bhreis ar a bpá bunúsach. Is féidir na scaireanna a dhámhachtain trí scéim fhoirmiúil le sraith rialacha i scríbhinn nó ar bhonn neamhfhoirmiúil aonuaire.

Tá go leor scéimeanna scaireanna d’fhostaithe éagsúla ann. Is féidir iad a bheith ceadaithe nó neamhcheadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Scéimeanna neamhcheadaithe

Ní theastaíonn cead na gCoimisinéirí Ioncaim chun scéimeanna neamhcheadaithe a fheidhmiú. Samplaí de scéimeanna neamhcheadaithe lena n-áirítear an méid seo san áireamh:

Scéimeanna ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Tá trí chineál scairscéimeanna d’fhostaithe ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim:

Teastaíonn cead ó na Coimisinéirí Ioncaim chun aon cheann de na scéimeanna seo a oibriú.

Cánachas

Cáin Ioncaim inmhuirearaithe ar scaireanna nó ar scair-roghanna a fhaigheann fostaithe saor in aisce nó ar phraghas lascaine. Tá íocaíocht scairbhunaithe faoi dhliteanas an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) fostaí freisin.

Féadfaidh fostaithe scaireanna nó scair-roghanna a fháil faoi aon cheann de na scair scéimeanna fostaithe cáinéifeachtiúl. Faoi réir coinníollacha áirithe a bheith comhlíonta, ní bheidh Cáin Ioncaim inmhuirir ar scair-roghanna ná ar scaireanna a gheobhaidh fostaithe faoi na scéimeanna seo.

Ní bhaineann ÁSPC fostóra le luach saothair scairbhunaithe má tá na scaireanna sa chuideachta fostóra nó i gcuideachta a rialaíonn an chuideachta sin. Níl feidhm ag díolúine ÁSPC an fhostóra maidir le dámhachtainí airgeadsocraithe ná le haon íocaíocht airgid thirim a leanann luach na scaireanna.

Riachtanais tíolactha

Tá roinnt oibleagáidí tuairiscithe deireadh bliana d’fhostóirí a oibríonn scarscéimeanna dá gcuid fostaithe. I ndálaí áirithe, tá dualgais tíolactha. ar iontaobhaithe.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Dualgais tuairiscithe scaireanna.

Ar aghaidh: Bronnadh scaireanna