An feidhmchlár as líne ROS a úsáid

Léargas ginearálta

Is éard atá san Fheidhmchlár As Líne de chuid Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim ná bogearra a fhéadtar a shuiteáil ar do ríomhaire. Leis seo féadtar foirmeacha ROS a chomhlánú gan a bheith ceangailte leis an idirlíon.

Féadtar foirmeacha a shábháil ar do ríomhaire, agus ansin iad a chomhlánú agus uaslódáil chuig ROS nuair atá sé áisiúil duit.

Féadtar an chuid is mó d’fhoirmeacha a thíolacadh ar an gcóras ar líne ROS. Níl ach roinnt bheag foirmeacha ann nach bhfuil ar fáil ar líne. Is gá iad seo a thíolacadh leis an bhFeidhmchlár As Líne ROS

Ar aghaidh: Foirmeacha ar fáil ar an bhFeidhmchlár As Líne ROS