Trádálaithe agus próisis údaraithe

Díchlárú feithiclí

I gcúinsí eisceachtúla, féadfar feithicil a dhíchlárú agus an Cháin Chláraithe Feithiclí (CCF) a aisíoc ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

  • tarlaíonn na cúinsí laistigh de seacht lá oibre ón dáta cláraithe
  • ní raibh an feithicil ceadúnaithe (níor íoctar cáin bhóthair) i leith úsáid in áit phoiblí
  • go bhfuil iarratas ar dhíclárú faighte laistigh den 21 lá ón dáta cláraithe.

Ní mór iarratais le haghaidh clárúchán a scrios a sheoladh trí M'Fhiosraithe chuig an tSeirbhís Náisiúnta CCF.

Ní mór an t-eolas seo a leanas a áireamh ar gach iarratas:

  • cur síos iomlán ar na cúinsí a bhaineann leis an iarratas
  • deimhniú nach raibh an feithicil ceadúnaithe chun úsáid ar bhóthar phoiblí
  • nach raibh, agus nach mbeidh, an feithicil mar ábhar aisíocaíocht faoi réir aon scéim aisíocaíochta CCF
  • an raibh an CCF íoctha nó iarchurtha
  • fianaise ó comhlacht árachais an úinéir maidir le:
    • an méid a éileadh agus íoctha, más ann
    • nach mbeidh éileamh déanta nó glactha
    • má déanfar éileamh, nach mbeidh CCF san áireamh leis an méid le bheith íoctha.

Ar aghaidh: Réamhscrúdú ag ionad de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC)