Cáin Ola Mianraí ar bhreoslaí eitlíochta

Ceirisín scairdeitleáin

Tá díolúine ón gCáin Ola Mianraí (COM) ag ceirisín scairdeitleáin a úsáidtear chun críocha tráchtála nó gnó. Féadtar scaoileadh leis lena sheachadadh chuig daoine údaraithe gan COM a íoc.

Nuair a úsáidtear ceirisín scairdeitleáin chun críocha eitlíochta áineasa príobháidí, iarrfar ar an úsáideoir tuairisceán Return PPF 1 a dhéanamh.

Sonrófar sa tuairisceán

  • an chainníocht a úsáidtear i mbliain féilire
  • agus
  • cuirfear san áireamh ann íocaíocht den COM cuí ar an gcainníocht sin.

Ní mór an tuairisceáin chomhlánaithe agus na híocaíochtaí a thíolacadh ag an oifig chuí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Ba chóir go bhfaightear iad tráth nach déanaí ná 1 Márta tar éis na bliana lena mbaineann an tuairisceán.

  • Baile Átha Cliath: 85-93 Sráid an Mhóta Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 HD59
  • Corcaigh: Áras na gCoimisinéirí Ioncaim, An Linn Dubh, Corcaigh, T23 W922
  • Luimneach:  Teach an tSáirséalaigh, Sráid Phroinsias, LuimneachV94 R972
  • Gaillimh: Geata na Cathrach, Faiche an Aonaigh, Gaillimh, H91 W26K
  • Port Láirge: Oifigí an Rialtais, An Gleann, Port Láirge, X91 P04E

Ar aghaidh: Gásailín eitlíochta