Céard is Colún a Dó ann?

Céard atá i gceist leis an gcáin bhreisiúcháin náisiúnta?

I measc rialacha Cholún a Dó tá:

  • Riail maidir le Cuimsiú Ioncaim (RCI)
  • Riail maidir le hÍocaíochtaí Faoi Thearc-Cháin (RÍFTC)
  • agus
  • cáin bhreisiúcháin náisiúnta.

Ligeann an cháin bhreisiúcháin náisiúnta do dhlínsí aon cháin bhreisiúcháin atá dlite ó eintitis intíre a bhailiú sula gcuirtear cáin bhreisiúcháin RCI nó cáin bhreisiúcháin RÍFTC i bhfeidhm. Tá sé inchreidiúnaithe i gcoinne aon cháin bhreisiúcháin RCI. Féadfaidh sé nach mbeidh feidhm ag an gcáin bhreisiúcháin RCI nó an cháin bhreisiúcháin RÍFTC maidir le heintitis intíre má thugtar stádas Foráil Tearmainn don dlínse cánach breisiúcháin náisiúnta. Is í an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) a dheonaíonn stádas Foráil Tearmainn.

D'fhoilsigh an ECFE taifead lárnach de reachtaíocht le stádas cáilithe idirthréimhseach. Tá Éire liostaithe mar cheann de na dlínsí a bhfuil stádas cáilithe idirthréimhseach bainte amach ag a reachtaíocht chánach.

Thug Éire cháin bhreisiúcháin náisiúnta isteach, a tháinig i bhfeidhm do bhlianta fioscacha dar tosach an 31 Nollaig 2023, nó dá éis.

Ar aghaidh: Eintitis laistigh de raon feidhme na reachtaíochta