Céard is Colún a Dó ann?

Eintitis laistigh de raon feidhme na reachtaíochta

Baineann rialacha Cholún a Dó le grúpaí Ilnáisiúnta Fiontar (MNEanna) nó le grúpaí mórscála intíre. Tá feidhm ag na rialacha seo sa chás go bhfuil ioncam an ghrúpa níos mó ná €750m in dhá cheann de na ceithre bliana fioscacha roimhe sin. 

Chun críche na cánach breisiúcháin náisiúnta, leathnaítear na rialacha chuig eintitis neamhspleácha a chomhlíonann an tairseach ioncaim. Tá eintitis áirithe, ar a dtugtar eintitis eisiata, lasmuigh de raon feidhme na rialacha.