Céard is Colún a Dó ann?

Céard atá i gceist leis an gcáin bhreisiúcháin RCI?

Is í an Riail um Chuimsiú Ioncaim (RCI) an phríomhriail chánachais. Éilíonn sé ar mháthaireintiteas deiridh grúpa a chinneadh an raibh ráta cánach éifeachtach de 15% ag na heintitis ina ghrúpa. Ríomhtar é seo ar bhonn dlínse do gach dlínse ina bhfuil na heintitis sin lonnaithe.

Má tá an ráta cánach éifeachtach faoi bhun 15%, íocfaidh an máthaireintiteas méid breise cánach ar a dtugtar cáin bhreisiúcháin RCI. Is é an cuspóir ná leibhéal foriomlán an chánachais a mhéadú i leith dlínsí a bhfuil cáin íseal orthu chun an ráta cánach éifeachtach a thabhairt go 15%.

Tá rialacha speisialta ann maidir le máthaireintitis idirmheánacha agus máthaireintitis faoi úinéireacht pháirteach chomh maith le heisiaimh áirithe. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach an Tax and Duty Manual Part 04A-01-02.

Tháinig an cháin bhreisiúcháin RCI i bhfeidhm do bhlianta fioscacha dar tosach an 31 Nollaig 2023, nó dá éis.

Ar aghaidh: Céard atá i gceist leis an gcáin bhreisiúcháin RÍFTC?