Céard is Colún a Dó ann?
Céard iad na rialacha Cholún a Dó?
Foráiltear leis an Treoir maidir le Cáin Íosta do chur chun feidhme ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) rialacha Cholún a Dó na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE). I measc rialacha Cholún a Dó tá Riail maidir le Cuimsiú Ioncaim (RCI) agus Riail maidir le hÍocaíochtaí Faoi Thearc-Cháin (RÍFTC).
Chomh maith leis an RCI agus RÍFTC, roghnaigh Éire cáin bhreisiúcháin náisiúnta a chur i bhfeidhm. Foráiltear dó seo faoin Treoir maidir le Cáin Íosta. Foráiltear le rialacha Cholún a Dó go ngearrtar cáin ar ioncam grúpaí móra ag ráta cánach éifeachtach íosta de 15% ar bhonn dlínse.
Foráiltear sa reachtaíocht i gCuid 4A den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 (TCA 97) do thrí cháin:
- Cáin bhreisiúcháin RCI.
- Cáin bhreisiúcháin RÍFTC.
- cáin bhreisiúcháin náisiúnta.
Le Council Directive (EU) 2022/2523 an 15 Nollaig 2022, cinntítear íosleibhéal cánachais domhanda do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san AE. Rinneadh an Treoir seo a thrasuí i ndlí na hÉireann le Cuid 4A den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, agus tugtar an Treoir um Chánach Íosta uirthi.
Ar aghaidh: Céard atá i gceist leis an gcáin bhreisiúcháin RCI?