Oibreoirí áiseanna stórála sealadaí

Níl an Ríocht Aontaithe ina ball den Aontas Eorpach (AE) a thuilleadh. Ón 1 Eanáir 2021, caithfidh gnóthaí Éireannacha cloí le dualgais custam nuair atá earraí á mbogadh chuig, ó nó tríd an mBreatain Mhór.

Aontaíodh an Comhaontú Trádála agus Comhair  idir an AE agus an Ríocht Aontaithe agus cuireadh i bhfeidhm é go sealadach ar an 1 Eanáir 2021. Tar éis toiliú ó Pharlaimint na hEorpa , tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.

Tabhair do d’aire

Ní bhaineann na róil agus freagrachtaí d’oibreoirí áiseanna stórála sealadaí a leagtar amach sa chuid seo ach le hearraí a thrádáiltear leis an mBreatain Mhór amháin. Ní bhaineann siad le trádáil le Tuaisceart Éireann.

Mar oibreoir áise stórála sealadaí, is gá duit dearbhuithe a dhéanamh d'earraí neamh-Aontais Eorpaigh a thagann isteach agus imíonn ó d’áitreabh.

Tá tionchar ag riachtanais nua ghnó faoin gCóras Iompórtála Uathoibríoch ar an nós imeachta stórála sealadaí. Ón 23 Samhain 2020 ar aghaidh, ní mór na dearbhuithe seo a leanas a thíolacadh go leictreonach leis an gCóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU):

  • Fógra um Láithriú (FL)
  • Dearbhú Stórais Shealadaigh (DSS)
  • dearbhú leictreonach custam.