Aeriompróirí agus muiriompróirí (seachas báid farantóireachta)

  1. Léargas ginearálta
  2. Earraí a iompar isteach go hÉirinn ón mBreatain Mhór
  3. Earraí a iompar ó Éirinn chuig an mBreatain Mhór

Earraí a iompar isteach go hÉirinn ón mBreatain Mhór

Fógra um láithriú agus dearbhú stórais shealadaigh

Ón 23 Samhain 2020, ní gá duit, mar mhuiriompróir, Lastliosta Leictreonach iompórtála a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim a thuilleadh. Ina áit sin, ba chóir duit an Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) a úsáid chun na dearbhuithe leictreonacha Custam seo a leanas a thíolacadh:

  • Fógra um Láithriú (FL)
  • agus
  • Dearbhú Stórais Shealadaigh (DSS).

Féadtar na dearbhuithe seo a chur in éineacht in aon dearbhú amháin.

Dearbhú Sábháilteachta agus Slándála Iompórtála (ENS)

Mar iompróir na n-earraí, iarrtar ort de réir dlí go dtíolactar dearbhú leictreonach custam Sábháilteachta agus Slándála le haghaidh na n-earraí uile atá ar bord. Ní mór é seo a thíolacadh do Chustaim na hÉireann sula bhfágann na hearraí an Bhreatain Mhór.

Tugtar Dearbhú Iontrála Achomair (ENS) air seo. Féadtar tuilleadh eolais a fháil in Import Control System (ICS) trader guide.

Ní mór duit cinntiú go gcomhlánaítear an dearbhú Sábháilteachta agus Slándála sula bhfágann na hearraí an Bhreatain Mhór.

Ní mór an dearbhú leictreonach a thíolacadh do chustaim na hÉireann ach úsáid a bhaint as pacáiste bogearraí custam. De rogha air sin, féadann bróicéir custam, ag gníomhú ar do shon, an dearbhú a thíolacadh.

Ar aghaidh: Earraí a iompar ó Éirinn chuig an mBreatain Mhór