Aeriompróirí agus muiriompróirí (seachas báid farantóireachta)

  1. Léargas ginearálta
  2. Earraí a iompar isteach go hÉirinn ón mBreatain Mhór
  3. Earraí a iompar ó Éirinn chuig an mBreatain Mhór

Earraí a iompar ó Éirinn chuig an mBreatain Mhór

Dearbhú Sábháilteachta agus Slándála Easpórtála (DIA)

Mar iompróir na n-earraí, iarrtar ort de réir dlí a chinntiú go dtíolactar dearbhú leictreonach custam Sábháilteachta agus Slándála do Chustaim na hÉireann. Ní mór é seo a thíolacadh roimh easpórtáil a dhéanamh ó Éirinn. Tugtar Dearbhú Imeachta Achomair (DIA) air seo.

Ag tráth na heaspórtála, féadtar an fhaisnéis ón Dearbhú Sábháilteachta agus Slándála a thabhairt le chéile leis an bhfaisnéis ón dearbhú easpórtála custam. Is gnách go gcomhlánaíonn an t-easpórtálaí nó an gníomhaire an dearbhú easpórtála.

Mura gcuirtear an fhaisnéis ón dearbhú Sábháilteachta agus Slándála ar fáil sa dearbhú easpórtála, ní mór duit an dearbhú leictreonach a thíolacadh do Chustaim na hÉireann.

Chun é seo a dhéanamh, ní mór pacáiste bogearraí custam a úsáid. De rogha air sin, féadann bróicéir custam, ag gníomhú ar do shon, an dearbhú a thíolacadh.

Easpórtáil

Chuaigh an Córas Easpórtála Uathoibríoch (AES) beo ar an 21 Márta 2023. Tháinig sé in áit na gcóras Próiseála Uathoibríoch Iontrála (AEP) agus Lastliosta Leictreonaigh chun dearbhuithe easpórtála a phróiseáil. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an sreabhadh próisis nua chun imeacht na n-earraí ón Aontas Eorpach (AE) a dheimhniú.

Molann na Coimisinéirí Ioncaim féachaint ar shuíomh idirlín an HMRC chun an t-eolas is déanaí a fháil faoi riachtanais an HMRC i leith earraí a thabhairt isteach sa Ríocht Aontaithe.

Tabhair do d'aire

Tá riachtanais na Ríochta Aontaithe maidir le hiompórtálacha ó Éirinn le teacht i bhfeidhm ón 31 Eanáir 2024. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an sceideal forfheidhmithe.