Easpórtálaithe

Rialuithe iompórtála na Ríochta Aontaithe - dátaí cur chun feidhme

Maidir le heaspórtálaithe Éireannacha atá ag easpórtáil chuig nó tríd an Ríocht Aontaithe, seachas Tuaisceart Éireann, ní mór dóibh an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Gnásanna easpórtála custam na hÉireann a bhfuil feidhm acu ón 1 Eanáir 2021
  • Riachtanais custaim d’iompórtálacha na Ríochta Aontaithe
  • agus
  • riachtanais na Ríochta Aontaithe maidir le gluaiseachtaí Sláintíochta agus Fíteasláintíochta (SPS).

Tá riachtanais na Ríochta Aontaithe maidir le hiompórtálacha ó Éirinn le teacht i bhfeidhm ar bhonn céimnithe anois de réir an sceidil atá leagtha amach thíos. Léirítear sa sceideal seo na garspriocanna tábhachtacha a mbíonn tionchar acu ar easpórtálaithe Éireannacha agus ar a gcomhpháirtithe sa slabhra soláthair in Border Target Operating Model (BTOM) na Ríochta Aontaithe.

20 Nollaig 2023

Tugadh tarscaoiltí buana isteach chun deireadh a chur leis an gá dearbhuithe Sábháilteachta agus Slándála a thíolacadh le haghaidh na ngluaiseachtaí riosca ísle seo a leanas:

  • éisc amach
  • idirthuras amach (sa chás go dtíolactar dearbhú iontrála achomair taobh istigh de 14 lá)
  • agus
  • earraí saorphoirt amach.

31 Eanáir 2024

  • Ní mór iompórtálacha earraí SPS ó Éirinn a réamhfhógairt ar chóras iompórtála SPS na Ríochta Aontaithe IPAFFS. Tá feidhm ag an riachtanas seo cheana féin maidir le hiompórtálacha earraí den sórt sin ón gcuid eile den Aontas Eorpach (AE) ón 1 Eanáir 2022.
  • Beidh feidhm ag deimhnithe easpórtála sláinte agus deimhnithe fíteashláintíochta ar tháirgí ainmhithe meánriosca agus táirgí plandaí agus plandaí a iompórtáiltear chuig an mBreatain Mhór ón Aontas Eorpach.
  • Beidh gnásanna iomlána custam i bhfeidhm ar earraí a ghluaiseann go díreach ó Éirinn isteach i gcalafoirt sa Bhreatain Mhór.

Tabhair do d’aire

Ní mór dearbhuithe iompórtála na Ríochta Aontaithe a réamh-thíolacadh agus fógra a thabhairt ina leith ag baint úsáid as Goods Vehicle Movement System (GVMS). Ní mór do tharlóirí a bhogann earraí trí chalafoirt na Ríochta Aontaithe a úsáideann an GVMS clárú don tseirbhís. Cabhróidh sé seo lena chinntiú go bpróiseáiltear earraí trí chustaim gan mhoill.

30 Aibreán 2024

Beidh feidhm ag céannacht dhoiciméadach agus rioscabhunaithe agus seiceálacha fisiciúla ar na táirgí seo a leanas ón AE (seachas Éire):

  • táirgí ainmhithe meánriosca
  • plandaí meánriosca
  • táirgí plandaí meánriosca
  • agus
  • bia agus beatha ardriosca de thionscnamh neamh-ainmhíoch. 

Beidh feidhm ag samhail dhomhanda na rialuithe ar iompórtálacha ón gcuid eile den domhan.

  • Ní bheidh deimhnithe sláinte ag teastáil a thuilleadh le haghaidh earraí ísealriosca.
  • Ní bheidh gá le réamhfhógra a thuilleadh le haghaidh plandaí agus táirgí plandaí ísealriosca.
  • Bogfaidh cigireachtaí atá ann cheana ar phlandaí agus táirgí plandaí ardriosca ón AE ó cheann scríbe (mar shampla, áitreabh iompórtálaí) chuig Poist Rialaithe Teorann (BCP).

Tabhair do d'aire

Ina theannta sin, cuirfear tús le seiceálacha ar ghluaiseachtaí idirthurais droichid talún ag an gcéim seo.

31 Deireadh Fómhair 2024

Tiocfaidh dearbhuithe sábháilteachta agus slándála d'iompórtálacha an AE i bhfeidhm ón 31 Deireadh Fómhair 2024. Cuirfidh tacar sonraí laghdaithe d'iompórtálacha deireadh le dúbláil nuair is féidir thar thacair sonraí éagsúla réamhtheachta – amhail Sábháilteacht agus Slándáil, SPS, agus dearbhuithe custaim a cuireadh isteach roimh ré.

Beidh feidhm ag céannacht dhoiciméadach agus rioscabhunaithe agus seiceálacha fisiciúla ar na táirgí seo a leanas ó Éirinn ag calafoirt ar chósta thiar na Breataine Móire:

  • táirgí ainmhithe meánriosca
  • plandaí meánriosca
  • táirgí plandaí meánriosca
  • agus
  • bia agus beatha ardriosca de thionscnamh neamh-ainmhíoch. 

Deimhneofar i bhfómhar na bliana 2023 dáta tosaithe na seiceálacha fisiciúla d'earraí neamhcháilitheacha a bhogann ó oileán na hÉireann.

Ba chóir d'easpórtálaithe agus dá gcomhpháirtithe sa slabhra soláthair na céimeanna cuí a thógail chun ullmhú do na hathruithe breise sin.

Tabhair do d’aire

Tá treoir ar an leathanach seo bunaithe ar an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil ó Rialtas na Ríochta Aontaithe.