Easpórtálaithe

Earraí a sheoladh ó Éirinn chuig an mBreatain Mhór

Dearbhú easpórtála custam

Mar easpórtálaí earraí chuig an mBreatain Mhór, tá dualgas ort de réir dlí dearbhú leictreonach easpórtálacha a thíolacadh do Chustaim na hÉireann. Féadtar teacht ar thuilleadh eolais in:

Ní mór an dearbhú leictreonach a thíolacadh do Chustaim na hÉireann ach úsáid a bhaint as pacáiste bogearraí custam. De rogha air sin, féadann bróicéir custam, ag gníomhú ar do shon, an dearbhú a thíolacadh.

Dearbhú Sábháilteachta agus Slándála Easpórtála (DIA)

Tá dualgas dlí ann chomh maith dearbhú leictreonach Sábháilteachta agus Slándála (S agus S) custam a thíolacadh roimh easpórtáil. Is gnách go gcomhlánaítear é seo mar chuid den dearbhú easpórtála. Más rud é nach é seo an cás, tá an t-iompróir freagrach as cinntiú go dtíolactar an Dearbhú Imeachta Achomair (DIA) do chustaim na hÉireann.

Molann na Coimisinéirí Ioncaim féachaint ar shuíomh idirlín an HMRC chun an fhaisnéis is déanaí a fháil faoi riachtanais an HMRC i leith earraí a thabhairt isteach sa Bhreatain Mhór.

Fógra Réamhbhordála (FRB)

Má sheoltar earraí ó Éirinn chuig an mBreatain Mhór ag baint úsáide as seirbhísí farantóireachta RóRó (tionlactha nó neamhthionlactha), ní mór Fógra Réamhbhordála a thíolacadh do Chustaim na hÉireann. Ní mór an fógra seo a thíolacadh sula bhfágann na hearraí Éire.

Tá an tarlóir freagrach as cinntiú go dtíolactar an FRB ag baint úsáide as an bhfaisnéis a chuireann an t-easpórtálaí ar fáil. Féadann aon duine sa slabhra soláthair a bhfuil an fhaisnéis riachtanach acu an FRB a chruthú, áfach. Níor chóir ach FRB amháin in aghaidh na feithicle a chruthú, is cuma líon na gcoinsíneachtaí san fheithicil.

Tabhair do d’aire

Ní cheadófar feithiclí ar bord bád farantóireachta in Éirinn atá beartaithe dul chuig an mBreatain Mhór gan FRB bailí acu.

Ar aghaidh: Earraí a sheoladh ó Éirinn chuig an mBreatain Mhór, trí Thuaisceart Éireann