Easpórtálaithe

Earraí a sheoladh ó Éirinn chuig an mBreatain Mhór, trí Thuaisceart Éireann

Mar easpórtálaí earraí chuig an mBreatain Mhór, tá dualgas ort de réir dlí dearbhú leictreonach custam a thíolacadh. Féadfaidh sé seo a bheith ina ndearbhú easpórtála nó ina ndearbhú idirthurais.

Dearbhú easpórtála custam 

Féadtar dearbhú leictreonach easpórtála a thíolacadh do Chustaim na hÉireann mar easpórtáil indíreach nó féadtar easpórtáil dhíreach a thíolacadh go HMRC. Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar easpórtáil indíreach in:

Ní mór an dearbhú leictreonach a thíolacadh do Chustaim na hÉireann ach úsáid a bhaint as pacáiste bogearraí custam. De rogha air sin, féadann bróicéir custam, ag gníomhú ar do shon, an dearbhú a thíolacadh.

Agus d’iompórtáil indíreach á chomhlánú agat, ba chóir an fhaisnéis seo a leanas a chur isteach mar oifig iompórtála agus mar oifig imeachta.

  • Oifig easpórtála custam D/E 17 02 001 000 - Oifig easpórtála: IEWSE100
  • Oifig Imeachta custam D/E 17 01 001 000 .a: Roghnaigh an cód imeachta ó:
    • XI000142: Béal Feirste
    • XI005220: Latharna
    • XI005160: An Pointe
  • Cineál suímh D/E 16 15 045 000: C Áit cheadaithe
  • Cáilitheoir aitheantais D/E 16 15 046 000 : U - UN/LOCODE
  • UN/LOCODE D/E 16 15 036 000 :  IEWSE100

Tá treoir eisithe ag HMRC ar na céimeanna ar chóir duit a leanúint le himeacht earraí trí chalafoirt Thuaisceart Éireann a dhearbhú. Cinnteoidh na céimeanna seo go ndúnfar na gluaiseachtaí sa Chóras Easpórtála Uathoibríoch (AES). Féadfaidh tú féachaint ar an treoir son in Making an indirect export from Northern Ireland.

Dearbhú idirthurais custam

Ní mór dearbhú idirthurais a thíolacadh go leictreonach do Chustaim na hÉireann ach úsáid a bhaint as pacáiste bogearraí custam. De rogha air sin, féadann bróicéir custam, ag gníomhú ar do shon, an dearbhú a thíolacadh.

Féadtar an fhaisnéis sa dearbhú Sábháilteachta agus Slándála a chur san áireamh sa dearbhú idirthurais. Dá bhrí sin, is gnách gur tú féin, mar an easpórtálaí, nó gníomhaire ar do shon, a chomhlánaíonn é.

Tabhair do d’aire

Ní mór ráthaíocht idirthurais a bheith agat chun dearbhú idirthurais a dhéanamh.

Féadtar cur isteach ar cheadú mar choinsíneoir údaraithe. Leis seo, féadtar na gnásanna idirthurais a chomhlánú ag d’áitreabh féin agus teagmháil a dhéanamh le Custaim na hÉireann go leictreonach tríd an gCóras Nua Ríomhairithe um Idirthurais (CNRI).

Ar aghaidh: Earraí a sheoladh ó Éirinn chuig Ballstát AE tríd an mBreatain Mhór