Easpórtálaithe

Earraí a sheoladh ó Éirinn chuig Ballstát AE tríd an mBreatain Mhór

Dearbhú Custam – Idirthuras

Mar easpórtálaí earraí ó Éirinn tríd an mBreatain Mhór chuig Ballstát eile de chuid an Aontais Eorpaigh (AE), tá dualgas ort de réir dlí dearbhú leictreonach idirthurais a thíolacadh do Chustaim na hÉireann. Ní mór an dearbhú leictreonach seo a thíolacadh ach úsáid a bhaint as pacáiste bogearraí custam. De rogha air sin, féadann bróicéir custam, ag gníomhú ar do shon, an dearbhú a thíolacadh.

Féadtar an fhaisnéis sa dearbhú Sábháilteachta agus Slándála a chur san áireamh sa dearbhú idirthurais. Dá bhrí sin, is gnách gur tú féin, mar an easpórtálaí, nó gníomhaire ar do shon, a chomhlánaíonn é.

Tabhair do d’aire

Ní mór ráthaíocht idirthurais a bheith agat chun dearbhú idirthurais a dhéanamh.

Féadtar cur isteach ar cheadú mar choinsíneoir údaraithe. Leis seo, féadtar na gnásanna idirthurais a chomhlánú ag d’áitreabh féin agus teagmháil a dhéanamh le Custaim na hÉireann go leictreonach tríd an gCóras Nua Ríomhairithe um Idirthurais (CNRI).

Fógra Réamhbhordála (FRB)

Má sheoltar earraí tríd an mBreatain Mhór chuig Ballstát eile AE ag baint úsáid as seirbhísí farantóireachta RóRó (tionlactha nó neamhthionlactha), ní mór Fógra Réamhbhordála a thíolacadh do Chustaim na hÉireann. Ní mór an fógra seo a thíolacadh sula bhfágann na hearraí Éire.

Tá an tarlóir freagrach as cinntiú go dtíolactar an FRB ag baint úsáide as an bhfaisnéis a chuireann an t-easpórtálaí ar fáil. Féadann aon duine sa slabhra soláthair a bhfuil an fhaisnéis riachtanach acu an FRB a chruthú, áfach. Níor chóir ach FRB amháin in aghaidh na feithicle a chruthú, is cuma líon na gcoinsíneachtaí san fheithicil.

Tá tuilleadh eolais faoi riachtanais idirthurais ar fáil ar na suíomhanna seo a leanas:

Tabhair do d’aire

Ní cheadófar feithiclí ar bord bád farantóireachta in Éirinn atá beartaithe dul chuig an mBreatain Mhór gan FRB bailí nó Uimhir Tagartha Gluaiseacht Earraí (GMR) acu.

Ar aghaidh: Rialuithe iompórtála na Ríochta Aontaithe - dátaí cur chun feidhme