Iompórtálaithe

Earraí a thabhairt isteach go hÉirinn ó Bhallstát AE tríd an mBreatain Mhór

Dearbhú Custam – idirthuras

Tá riachtanas dlíthiúil ann dearbhú idirthurais a thíolacadh nuair atá earraí á mbogadh ó Bhallstát amháin de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) tríd an mBreatain Mhór go hÉirinn. Ní mór d’easpórtálaí na n-earraí seo sa Bhallstát eile AE an dearbhú seo a thíolacadh go leictreonach.

Tá dualgas ort, mar iompórtálaí na n-earraí, de réir dlí, dearbhú leictreonach idirthurais a dhúnadh mar is ceart ag an gceann scríbe in Éirinn.

Earraí ag fágáil an AE

Ba chóir don oibreoir freagrach sa tír arna fágáil dearbhú imeachta achomair ar leithligh nó in éineacht agus dearbhuithe idirthurais a thíolacadh ar chóras TF CNRI a dtír féin. Cruthóidh sé seo:

  • Doiciméad Tionlacain Idirthurais (TDI) agus Dearbhú Imeachta Achomair (DIA) le huimhreacha tagartha uathúla
  • (DTI)S – DTI a bhfuil faisnéis sábháilteachta agus slándála ann le Máistir-Uimhir Thagartha (MUT).

Ní mór don oibreoir freagrach MUT an DTI agus an dearbhú imeachta achomair a chur isteach i gcóras calafoirt chuí an chalafoirt fágála.

Roimh an AE a fhágáil, ní mór don chuideachta tarlaithe MUT an DTI a chur isteach in Goods Vehicle Movement Service (GVMS) de chuid na Ríochta Aontaithe. Teastaíonn uimhir EORI na Ríocht Aontaithe chun rochtain ar an gcóras GVMS.

Ag taisteal tríd an mBreatain Mhór

Ar theacht isteach chun na Breataine Móire, níor chóir go mbeadh gá don tiománaí idirghníomhú le Border Force. Déanfar feidhm na hoifige idirthurais a chomhlánú go digiteach trí fhaisnéis an GVMS a úsáid. Ba chóir go ndéanfaidh an GVMS tagairt don chalafort de chuid na Ríochta Aontaithe ar an gcósta thoir - amhail Dover. Mura bhfuil an GVMS ag obair, ba chóir don tiománaí teagmháil a dhéanamh leis an Oifig um Idirthuras chun an (DTI)S a stampáil.

Rinneadh an riachtanas le haghaidh dearbhú imeachta achomair ar imeacht ón Ríocht Aontaithe nuair atá earraí ag gluaiseacht ar sheirbhís RóRó a tharscaoileadh go dtí 30 Meán Fómhair 2021.

Dearbhú Sábháilteachta agus Slándála Iompórtála (ENS)

Tá dualgas dlí ann chomh maith dearbhú leictreonach Sábháilteachta agus Slándála (S agus S) custam a thíolacadh roimh iompórtáil. Tugtar Dearbhú Iontrála Achomair (ENS) air seo agus ní mór é a thíolacadh sula bhfágann na hearraí an Bhreatain Mhór. Is é an t-iompróir atá freagrach as an Dearbhú Iontrála Achomair (ENS) seo. Dá réir, ní mór duitse, mar iompórtálaí, a chinntiú go bhfuil iompróir d’earraí ar an eolas faoina chuid freagrachtaí i leith an dearbhaithe seo. Beidh moill i gceist má loictear é seo a dhéanamh. Féadtar tuilleadh eolais a fháil in Import Control System (ICS) Trader Guide.

Fógra Réamhbhordála (FRB)

Má iompraítear earraí ó Bhallstát eile AE tríd an mBreatain Mhór go hÉirinn ag baint úsáid as seirbhísí farantóireachta RóRó (tionlactha nó neamhthionlactha), ní mór Fógra Réamhbhordála a thíolacadh do Chustaim na hÉireann. Ní mór an fógra seo a thíolacadh sula bhfágann na hearraí an Bhreatain Mhór.

Tá an tarlóir freagrach as cinntiú go dtíolactar an FRB ag baint úsáide as an bhfaisnéis a chuireann an t-iompórtálaí ar fáil. Féadann aon duine sa slabhra soláthair a bhfuil an fhaisnéis riachtanach acu an FRB a chruthú, áfach. Níor chóir ach FRB amháin in aghaidh na feithicle a chruthú, is cuma líon na gcoinsíneachtaí san fheithicil.

Tabhair do d’aire

Ní cheadófar feithiclí ar bord bád farantóireachta sa Bhreatain Mhór gan FRB bailí a bheith acu.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar na riachtanais i mBallstáit AE agus sa Ríocht Aontaithe sna naisc seo a leanas:

Ar aghaidh: Earraí a thabhairt isteach go hÉirinn ón mBreatain Mhór trí Thuaisceart Éireann