Iompórtálaithe

Earraí a thabhairt isteach go hÉirinn ón mBreatain Mhór trí Thuaisceart Éireann, imréiteach custam i dTuaisceart Éireann

Tabhair do d’aire

Ní mór duit Dearbhú Iontrála Achomair (ENS) a thíolacadh agus Uimhir Tagartha Gluaiseacht Earraí (GMR) a chruthú sula bhfágann d’earraí An Bhreatain Mhór.

Má shocraíonn tú gach earra a imréiteach trí chustaim i dTuaisceart Éireann, ba chóir duit do ghnásanna custam a chomhlánú trí Customs Declaration System (CDS) an HMRC a úsáid. Is é an CDC an t-ardán dearbhaithe custam chun dearbhuithe iompórtála a thíolacadh agus féadfaidh tú rochtain a fháil air seo trí na bogearraí chuí a úsáid.

Cinnteoidh úsáid cheart an CDC go scaoilfear earraí le haghaidh saorchúrsaíocht san AE ar chríoch na ngnásanna custam. Áirítear leis seo dleachtanna iompórtála agus CBL a íoc, nuair atá feidhm acu sin. Ansin féadann d’earraí bogadh go saor chuig a gceann scríbe áit ar bith ar oileán na hÉireann, gan gá le tuilleadh gnásanna custam.

Ba chóir duit, nó don duine atá freagrach as gluaiseacht na n-earraí, dearbhú iompórtála Thuaisceart Éireann a thíolacadh. Féadtar é seo a thíolacadh ar an CDC trí na bogearraí cuí a úsáid nó seirbhísí gníomhaire imréitigh custam a bhfuil rochtain acu ar chórais HMRC a úsáid.

Tabhair do d’aire

Ní aithnítear uimhreacha EORI na hÉireann ar an CDC faoi láthair. Féadfaidh tú Uimhir EORI de chuid na Breataine Móire a fháil ón HMRC. Mura bhfuil Uimhir EORI de chuid na Breataine Móire agat, féadfaidh tú ainm agus seoladh iompórtálaí na hÉireann a chur sna réimsí cuí ar an CDC.

Ar aghaidh: Earraí a thabhairt isteach go hÉirinn ón mBreatain Mhór trí Thuaisceart Éireann, ag úsáid nós imeachta idirthurais