Iompórtálaithe

Earraí a thabhairt isteach go hÉirinn ón mBreatain Mhór

Dearbhú iompórtála custam

Mar iompórtálaí earraí ón mBreatain Mhór, tá dualgas ort de réir dlí dearbhú leictreonach iompórtála a thíolacadh do chustaim na hÉireann. Féadtar tuilleadh eolais a fháil in AIS Import Trader Guide agus Guide to Customs Import Procedures.

Ón 23 Samhain 2020 ar aghaidh, tá tionchar ag riachtanais nua ghnó faoin gCóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU) ar dhualgais iompórtálaithe.

Ní mór an dearbhú leictreonach a thíolacadh do chustaim na hÉireann ach úsáid a bhaint as pacáiste bogearraí custam. De rogha air sin, féadann bróicéir custam, ag gníomhú ar do shon, an dearbhú a thíolacadh.

Dearbhú Sábháilteachta agus Slándála Iompórtála (ENS)

Tá dualgas dlí ann chomh maith dearbhú leictreonach Sábháilteachta agus Slándála (S agus S) custam a thíolacadh roimh iompórtáil. Tugtar Dearbhú Iontrála Achomair (ENS) air seo. Ní mór an Dearbhú Sábháilteachta agus Slándála Iompórtála a thíolacadh do Chustaim na hÉireann sula bhfágann na hearraí an Bhreatain Mhór. Is é an t-iompróir atá freagrach as a chinntiú go dtíolactar an Dearbhú Iontrála Achomair (ENS). Dá réir, ní mór duitse, mar iompórtálaí, a chinntiú go bhfuil iompróir d’earraí ar an eolas faoina chuid freagrachtaí i leith an dearbhaithe seo. Beidh moill i gceist má loictear é seo a dhéanamh. Féadtar tuilleadh eolais a fháil in Import Control System (ICS) Trader Guide.

Fógra Réamhbhordála (FRB)

Má iompraítear earraí ón mBreatain Mhór go hÉirinn ag baint úsáid as seirbhísí farantóireachta RóRó (tionlactha nó neamhthionlactha), ní mór Fógra Réamhbhordála a thíolacadh do Chustaim na hÉireann. Ní mór an fógra seo a thíolacadh sula bhfágann na hearraí an Bhreatain Mhór.

Tá an tarlóir freagrach as cinntiú go dtíolactar an FRB ag baint úsáide as an bhfaisnéis a chuireann an t-iompórtálaí ar fáil. Féadann aon duine sa slabhra soláthair a bhfuil an fhaisnéis riachtanach acu an FRB a chruthú, áfach. Níor chóir ach FRB amháin in aghaidh na feithicle a chruthú, is cuma líon na gcoinsíneachtaí san fheithicil.

Tabhair do d’aire

Ní cheadófar feithiclí ar bord bád farantóireachta sa Bhreatain Mhór gan FRB bailí a bheith acu.

Ar aghaidh: Earraí a thabhairt isteach go hÉirinn ó Bhallstát AE tríd an mBreatain Mhór