Iompórtálaithe

Earraí a thabhairt isteach go hÉirinn ón mBreatain Mhór trí Thuaisceart Éireann

Ní mór duit nó do ghníomhaire Dearbhú Iontrála Achomair (ENS) a thíolacadh agus Uimhir Tagartha Gluaiseacht Earraí (GMR) a chruthú i leith gach gluaiseacht. Ba chóir iad seo a thíolacadh chuig córais Coimisinéirí Ioncaim agus Custam an Rí (HMRC).

Ba chóir duit Córas Rialaithe Iompórtálacha (ICS) an HMRC a úsáid chun an dearbhú ENS a thíolacadh roimh a fhágann na hearraí an Bhreatain Mhór.

Teastóidh an méid seo:

chun teacht ar an ICS.

Teastóidh uimhir EORI uait, eisithe ag HMRC chun rochtain a fháil ar an tSeirbhís Gluaiseachta Feithicle Earraí (GVMS). Cruthóidh agus eiseoidh an GVMS uimhir uathúil GMR do gach gluaiseacht feithicle earraí trí gach calafort.

Féadtar iarratas a dhéanamh ar:

Gnásanna Custam a chomhlánú

Tá dhá rogha imréitigh custaim ann agus earraí a thabhairt ón mBreatain Mhór, trí Thuaisceart Éireann, isteach go hÉirinn.

Féadfaidh tú:

  • na gnásanna chustaim a chomhlánú i dTuaisceart Éireann
  • an nós imeachta idirthurais a úsáid agus dearbhú idirthurais a ardú sa Bhreatain Mhór agus na gnásanna iompórtála a chomhlánú in Éirinn.

Ar aghaidh: Earraí a thabhairt isteach go hÉirinn ón mBreatain Mhór trí Thuaisceart Éireann, imréiteach custam i dTuaisceart Éireann