CBL – Trádáil idir Éire agus Tuaisceart Éireann

  1. Léargas ginearálta
  2. Trádáil earraí le Tuaisceart Éireann
  3. Trádáil seirbhísí le Tuaisceart Éireann

Trádáil seirbhísí le Tuaisceart Éireann

Níl rialacha an AE maidir le CBL ar sheirbhísí i bhfeidhm bhfeidhm ar Tuaisceart Éireann a thuilleadh.

sholáthraíonn tú seirbhísí leis an Ríocht Aontaithe agus Tuaisceart Éireann, tá rialacha éagsúla ar áit an tsoláthair le haghaidh CBL ar sheirbhísí i bhfeidhm.

Braitheann riail an áit soláthair atá le cur i bhfeidhm ar cé acu an gnó nó tomhaltóir an custaiméir.

I gcás seirbhísí Gnólacht le Gnólacht (B2B), is é áit an tsoláthair an áit a bhfuil an gnó a fhaigheann na seirbhísí bunaithe. Má fhaigheann tú seirbhísí ó chuideachta atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe tar éis na hidirthréimhse, beidh CBL Éireannach dlite ar na seirbhísí de ghnáth.

Má soláthraíonn tú seirbhísí do chuideachta atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe, beidh CBL ón Ríocht Aontaithe dlite ar na seirbhísí de ghnáth.

I gcás soláthairtí Gnó le Tomhaltóir (B2C), is é áit an tsoláthair an áit ina bhfuil an soláthróir na seirbhísí bunaithe de gnáth.

Má gearradh CBL ort i dTuaisceart Éireann roimh dheireadh na hidirthréimhse, féadfaidh tú aisíocaíocht an CBL sin a iarraidh. Ní mór an iarratas seo a dhéanamh go díreach chuig Coimisinéirí Ioncaim agus Custam an Rí (HMRC).