CBL – Trádáil idir Éire agus Tuaisceart Éireann

  1. Léargas ginearálta
  2. Trádáil earraí le Tuaisceart Éireann
  3. Trádáil seirbhísí le Tuaisceart Éireann

Trádáil earraí le Tuaisceart Éireann

Tá Tuaisceart Éireann faoi réir na rialacha i leith CBL ar earraí céanna agus ballstát eile de chuid an tAontas Eorpach (AE).

Ciallaíonn sé seo:

  • Níl aon athrú ar sholáthar agus ar ghluaiseacht earraí idir Tuaisceart Éireann agus Éire i gceachtar treo.
  • Leantar de chuntas a thabhairt ar ghluaiseacht na n-earraí seo mar soláthairtí agus fáltais laistigh den chomhphobal.
  • Fanann na hoibleagáidí tuairiscithe maidir leis na hidirbhearta earraí seo mar an gcéanna (VIES, Intrastat).
  • Tá an córas Aisíocaíochta Leictreonach CBL ar fáil le haghaidh CBL a chaitear i dTuaisceart Éireann a bhaineann le hearraí.
  • Beidh simplithe an AE, ar nós stoc ar glao agus triantánacht fós i bhfeidhm.

Tabhair do d’aire

Féadtar an córas Leictreonach Aisíocaíochta CBL a úsáid le CBL a chaitear ar earraí i dTuaisceart Éireann a éileamh ar ais. Leasaíodh an Treoir CBL chun é seo a éascú. Foráiltear sa leasú gur chóir do thrádálaithe i dTuaisceart Éireann uimhir CBL eile chun críocha idirbhearta a bhaineann le hearraí leis an AE. Ba chóir an réimír “XI” a chur san áireamh in uimhir CBL na trádálaithe i dTuaisceart Éireann sna hidirbhearta sin. Tá sé seo ag teacht leis an bPrótacal maidir le hÉirinn, Tuaisceart Éireann. 

Ar aghaidh: Trádáil seirbhísí le Tuaisceart Éireann