Dleacht Stampa ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Féadtar an méid seo a leanas a dhéanamh ar ROS:

Chun tuairisceán a thíolacadh chun ionstraim a stampáil, tá dhá threoir chabhrach ann.

Sa treoir i leith tuairisceán a chomhlánú ar líne in Completing a Stamp Duty return online tá gabhálacha scáileáin le haghaidh tuairisceán tipiciúil agus mínítear ann:

  • Cén chaoi le tuairisceán a chomhlánú le haghaidh cineálacha éagsúla aistrithe.
  • Cén chaoi le díolúine nó faoiseamh a éileamh ar thuairisceán.
  • Deacrachtaí éagsúla leis an gCáin Maoine Áitiúil (CMÁ).
  • Céard atá le déanamh nuair nach bhfuil a dhóthain spáis ar an tuairisceán chun sonraí a chur isteach maidir leis na huimhreacha fóilió, díoltóirí, ceannaitheoirí nó maoine.
  • Céard atá le déanamh má tá an tuairisceán comhlánaithe agat as líne, ach nuair a dhéanann tú iarracht é a uaslódáil, go lorgaíonn an córas an cineál cánach. Tarlaíonn sé seo i líon beag cásanna.

Cibé acu an bhfuil tuairisceán a chomhlánú agat ar líne, nó as líne, tá deilbhín eolais (‘Cabhair Foirme’) sa chúinne ar bharr ar chlé de gach scáileán. Féadtar teacht ar eolas sna réimsí éagsúla a iarrtar ort a chomhlánú ar scáileán ar leith trí chliceáil ar an deilbhín. Sa treoir i leith tuairisceán dleachta stampa in  Help text for completing a Stamp Duty return on ROS, tá an t-eolas ar fad a bhféadtar teacht air nuair a chliceálann tú ar an deilbhín.

Léirítear sna treoracha cabhrach eile seo, trí ghabhálacha scáileáin, an chaoi leis an méid seo a leanas a dhéanamh: