Faoiseamh i leith infheistíochta i dtrádálacha corparáideacha do dhaoine aonair

Faoiseamh a éileamh i leith scaireanna

Scaireanna a eisítear ar 01 Eanáir 2019, nó dá éis

Nuair a dhéanann tú infheistíocht i gcuideachta, tabharfaidh an chuideachta 'Ráiteas cáilitheachta’ duit. Is ráiteas é seo a chuireann in iúl go gcloíonn an chuideachta gach ceann de na coinníollacha cuideachta riachtanacha.

Féadtar faoiseamh a éileamh nuair a bheidh ‘Ráiteas cáilitheachta’ faighte agat ón gcuideachta. Tá an fhreagracht ortsa a chinntiú go gcloítear le gach ceann de na coinníollacha infheisteora riachtanacha roimh an bhfaoiseamh a éileamh.

Féadtar éileamh a thíolacadh ach na codanna cuí a chomhlánú ar

  • an Tuairisceán Cánach Ioncaim Foirm 11
  • ar an Tuairisceán Cánach Ioncaim Foirm 12

Féadtar éileamh a dhéanamh tríd M’Fhiosruithe i moChúrsaí chomh maith.

I gcás scaireanna a eisítear ar 31 Nollaig 2018, nó roimhe

Ní fhéadtar faoiseamh a éileamh faoin Dreasacht Fostaíochta agus Infheistíochta (DFI) go dtí go mbeidh EII3 faighte agat, é sin nó deimhniú EII3A. Ní mór uimhir an deimhnithe sin a bheith luaite

  • ar an Tuairisceán Cánach Ioncaim Foirm 11
  • ar an  Tuairisceán Cánach Ioncaim Foirm 12
  • tríd M’Fhiosruithe i moChúrsaí.

Déantar éileamh ar Fhaoiseamh d’Fhionraithe i leith Comhlachtaí Nua Thionscanta (FFCNT) ach iarratas díreach a dhéanamh leis an mbrainse um an Dreasacht Fostaíochta agus Infheistíochta.

Féadtar tuilleadh sonraí a fháil i leith an faoiseamh a éileamh in Relief for investment in corporate trades.