Faoiseamh i leith infheistíochta i dtrádálacha corparáideacha do dhaoine aonair

An Dreasacht Fostaíochta agus Infheistíochta (DFI)

Is éard atá sa DFI ná faoiseamh cánach a bhfuil sé mar aidhm aige daoine aonair a spreagadh chun maoiniú scairbhunaithe a chur ar fáil do chuideachtaí trádála.

Féadtar faoiseamh cánach a éileamh i leith d’infheistíochta nuair a chomhlíontar coinníollacha áirithe. I gcás scaireanna eisithe suas leis an 08 Deireadh Fómhair 2019 agus an dáta sin san áireamh, tá an faoiseamh roinnte ina dhá sciar:

  • tríocha daicheadú (30/40) i mbliain na hinfheistíochta
  • deich ndaicheadú (10/40) sa cheathrú bliain tar éis na hinfheistíochta tosaigh.

I gcás scaireanna eisithe tar éis an 08 Deireadh Fómhair 2019, tá an faoiseamh ar fáil ina iomláine i mbliain na hinfheistíochta.

Eiseoidh cuideachtaí na scaireanna chugat i leith na suime a infheistíonn tú. Ní mór na scaireanna sin a choinneáil ar feadh ceithre bliana ar a laghad.

Tá an DFI ar fáil do dhaoine aonair cáilitheacha a dhéanann infheistíochtaí cáilitheacha. Beidh tú, nó do theaghlach, incháilithe más rud é nach bhfuil aon chaipiteal agat sa chuideachta.

Is í an infheistíocht uasta gur féidir leat faoiseamh a éileamh ina leith i mbliain ná:

  • €150,000 i leith blianta suas le 2019 agus an bhliain sin san áireamh
  • €500,000 i leith na blianta tar éis 2019, faoi réir na scaireanna sin a bheith i seilbh ar feadh tréimhse uasta de seacht mbliana
  • €250,000 i leith na blianta tar éis 2019, nuair a bhí na scaireanna sin i seilbh ar feadh íostréimhse de cheithre bliana amháin.

Féadtar sonraí faoin DFI a fháil sa treoirleabhar Relief for investment in corporate trades.

Ar aghaidh: An Dreasacht Caipitil do Chuideachtaí Nua-Thionscanta (DCCNT)