Cáin Shiarchoinneálach ar Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha (NLWT)

  1. Léargas ginearálta
  2. Tiarnaí talún neamhchónaitheacha
  3. Gníomhairí bailiúcháin
  4. Tionóntaí

Tiarnaí talún neamhchónaitheacha

Tiarnaí talún neamhchónaitheacha a fhostaíonn gníomhairí bailiúcháin

Ba chóir do thiarnaí talún a fhostaíonn gníomhairí bailiúcháin a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis riachtanach ag a ngníomhairí bailiúcháin chun dul i ngleic leis an gcóras nua.

Faoin gcóras Cánach Shiarchoinneálach do Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha (NLWT), déanfaidh gníomhairí bailiúcháin an méid seo a leanas:

  • an cíos a bhailiú ó na maoine
  • agus
  • 20% de na híocaíochtaí cíosa a choinneáil siar agus a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus é seo a thíolacadh le Fógra Cíosa (RN) sa chóras NLWT.

Mar thiarna talún neamhchónaitheach, beidh an fhaisnéis seo a leanas ag teastáil ó do ghníomhaire bailiúcháin chun Fógraí Cíosa a thíolacadh:

  • d’ainm agus do sheoladh
  • Uimhir Aitheantais Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) do maoine
  • d’Uimhir Thagartha Cánach (UTC)
  • agus
  • cineál do chánach.

Is é an cineál cánach do dhaoine aonair ná Cáin Ioncaim. Is é an cineál cánach do chuideachtaí ná Cáin Chorparáide. Féadtar Cáin Bhreisluacha (CBL) a úsáid freisin má tá tú cláraithe dó sa Stát.

Tiarnaí talún neamhchónaitheacha nach bhfostaíonn gníomhairí bailiúcháin

Sa chás nach bhfostaíonn tiarnaí talún gníomhairí bailiúcháin, ní mór dá dtionónta an Fógra Cíosa a dhéanamh agus an asbhaint 20% a tharchur chuig na Coimisinéirí Ioncaim. 

Mar thiarna talún neamhchónaitheach, beidh an fhaisnéis seo a leanas ag teastáil ó do thionónta chun Fógraí Cíosa a thíolacadh maidir leis an gcíos a bhailíonn siad:

  • d’ainm agus do sheoladh
  • Uimhir Aitheantais CMA do mhaoine
  • agus
  • do ríomhphost agus d’uimhir fóin.

Sa chás go ndéanann do thionónta Fógra Cíosa gan UTC agus cineál cánach, féadfaidh tú creidmheas Fógra Cíosa a éileamh fós sa chóras NLWT. Beidh ort an UA CMÁ a chur isteach sa bhosca NLWT. Beidh baint ag na Fógraí Cíosa ansin le d'Uimhir Aitheantais CMÁ mar úinéir ainmnithe na maoine sin. Nuair a bheidh d'éileamh críochnaithe, feicfidh tú an Fógra Cíosa nuair a chuardaíonn tú Fógraí Cíosa sa chóras NLWT. Tar éis duit éileamh a dhéanamh, beidh an Fógra Cíosa réamhlíonta ar do thuairisceán.

Fógraí Cíosa a chuardach 

Tá áiseanna cuardaigh agus tuairiscithe ar fáil in Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) le haghaidh d’Fhógraí Cíosa sa chás gur coinníodh siar an NLWT uathu. Má d'fhág do thionónta do UTC ar lár ó Fhógra Cíosa, ní mór duit an Fógra Cíosa sin a éileamh sula dtaispeánfar é san áis chuardaigh.

Tuairisceán bliantúil do thiarnaí talún neamhchónaitheach

Faoi NLWT, ní mór don tiarna talún neamhchónaitheach tuairisceán don ioncam cíosa a thíolacadh anois. Roimhe seo, má bhí gníomhaire bailiúcháin fostaithe acu, bhí an gníomhaire mar an duine inmhuirir. Mar thiarna talún neamhchónaitheach, ní mór duit an Tuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) nó CT1 a thabhairt ar ais faoi do UTC. Ní mór sonraí d'ioncaim go léir a bheith i do thuairisceán, ní hamháin d'ioncam cíosa.

Sa chóras nua NLWT, beidh na sonraí sna bhFógra Cíosa réamhlíonta ar do thuairisceán bliantúil. Áirítear leis seo d'ioncam comhlán agus an suim na creidmheasa a coinníodh siar.

Féadfaidh sé gur mian leat seirbhísí gníomhaire cánach a fhostú chun tuairisceán a thíolacadh ar do shon.

Tabhair do d’aire

Féadann gníomhaire cánach tuairisceán a thíolacadh ar do shon, ach ní féidir le gníomhaire bailiúcháin tuairisceán a thíolacadh ar do shon.

Ar aghaidh: Gníomhairí bailiúcháin