Cáin Shiarchoinneálach ar Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha (NLWT)

Tionóntaí

Má fhostaíonn tiarnaí talún neamhchónaitheacha gníomhaire bailiúcháin, íocfaidh an tionónta cíos leis an ngníomhaire bailiúcháin. Ní bheidh aon ról eile ag an tionónta ansin. Mura bhfostaíonn an tiarna talún neamhchónaitheach gníomhaire bailiúcháin, ní mór don tionónta dul i dteagmháil leis an gcóras Cánach Shiarchoinneálach do Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha (NLWT).

Beidh córas nua NLWT in moChúrsaí agus in Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Sa chóras seo, déanfaidh tionóntaí Fógraí Cíosa (RNanna) nuair a íoctar cíos le tiarnaí talún neamhchónaitheacha. Mar chuid den Fhógra Cíosa, déanfaidh tionóntaí 20% den íocaíocht cíosa a choinneáil siar agus íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim. Beidh an tsuim choinnithe siar seo ar fáil don tiarna talún neamhchónaitheach mar chreidmheas nuair a chuireann siad a dtuairisceán bliantúil isteach.

Fógraí Cíosa a Dhéanamh

Agus íocaíocht cíosa á déanamh, ní mór don tionónta Fógra Cíosa a thíolacadh agus 20% den íocaíocht cíosa sin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim. Féadtar an 80% eile den íocaíocht cíosa a dhéanamh ansin leis an tiarna talún neamhchónaitheach.

Mar thionónta, tá trí rogha ann chun Fógra Cíosa a thíolacadh.

  • Ionchur aonair Fógra Cíosa.
  • Fógra Cíosa athuair a shocrú suas ag eatraimh mhíosúla.
  • Fógraí Cíosa a bhulc-uaslódáil trí chomhad CSV (cé go bhfuil sé ar fáil do thionóntaí, is dóichí go n-úsáidfidh gníomhairí bailiúcháin a bhainistíonn maoine iomadúla an áis seo).

Mar thionónta, chun Fógraí Cíosa a dhéanamh, beidh ort an fhaisnéis seo a leanas a thíolacadh maidir leis an gcíos a íocann tú:

  • ainm agus seoladh do thiarna talún neamhchónaitheach
  • Uimhir Aitheantais Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) do thiarna talún neamhchónaitheach
  • agus
  • ríomhphost nó uimhir fóin do thiarna talún neamhchónaitheach.

Tá sonraí iomlána tugtha i Lámhleabhar Cánach agus Dleachta an NLWT.

Fógraí cíosa a bhulc-uaslódáil

Féadtar uaslódáil na bhFógraí Cíosa i mbaisceanna a dhéanamh trí chomhad CSV a uaslódáil.

Fógraí Cíosa athuair a shocrú suas

Cuireann an córas NLWT áis ar fáil do thionóntaí chun Fógra Cíosa athuair a shocrú suas. Cruthaíonn an próiseas seo treoir chun Fógra Cíosa a ghiniúint ag eatraimh mhíosúla. Ceadaíonn an treoir an asbhaint ó chuntas bainc an tionónta a íoc nó a chur ar aghaidh.

Foráiltear leis an gcóras d'eatraimh mhíosúla idir Fhógraí Cíosa agus is é an chéad dáta dochair ná ocht lá roimh ré ar a laghad. Ciallaíonn sé seo, go praiticiúil, go mbeidh an chéad Fhógra Cíosa ina ionchur Fógra Cíosa amháin. Féadtar Fógraí Cíosa ina dhiaidh a shocrú suas mar Fhógraí Cíosa athuair.

Fógraí Cíosa a chuardach

Tá áiseanna cuardaigh agus tuairiscithe ar fáil do thionóntaí in ROS agus moChúrsaí.

Fógraí Cíosa a leasú

Mar thionónta, féadfaidh tú Fógra Cíosa a leasú. Ba chóir duit an Fógra Cíosa a roghnú laistigh den fheidhmiúlacht cuardaigh. Ansin, laistigh de shrianta áirithe, déan cuid de réimsí Fhógra Cíosa nó iad go léir a leasú. Más mian leat Fógra Cíosa reatha a scriosadh, beidh ort méid na híocaíochta a athrú go nialas.

Admhálacha a ghiniúint (PDF d’Fhógraí Cíosa)

Tá rogha ar fáil chomh maith 'Admháil Fógra Cíosa' i PDF a ghiniúint le haghaidh:

  • gach Fógra Cíosa a thíolactar
  • gach grúpa d’Fhógraí Cíosa a thíolactar. 

Féadann tionóntaí admháil PDF an Fhógra Cíosa a thabhairt dá dtiarna talún neamhchónaitheach mar thaifead ar an gcáin asbhainte.