Córas Rialaithe Iompórtálacha 2 (ICS 2)

  1. Léargas ginearálta
  2. Sceideal eisiúna ICS 2

Léargas ginearálta

De réir a chéile tá córas nua ar a dtugtar Córas Rialaithe Iompórtálacha 2 (ICS2) á chur in ionad an Chórais Rialaithe Iompórtálacha ICS.  Faoin gcóras nua seo, éascófar go gcuirfí i bhfeidhm na próisis agus na nósanna imeachta nua faoi Chód Custam an Aontais (CCA) a bhaineann le hiontráil na n-earraí.

I measc na gcásanna seo tá:

  • tíolacthaí iomadúla de réamh-fhaisnéis lastaí faoi Alt 127(6) den CCA
  • agus
  • an rannpháirtíocht ag breis gníomhairí slabhra soláthair agus múnlaí gnó mar atá leagtha amach in Alt 127(4) den CCA.

Céard é ICS2?

Is éard é an ICS2 ná córas leictreonach iompórtála custam nua.  Déanfaidh sé bainistiú ar an réamh-anailís riosca sábháilteachta agus slándála do gach earra a thagann isteach san Aontas Eorpach (AE).

Buntáistí ICS2

  • Cosaint shaoránaigh an AE agus an mhargaidh inmheánach a neartú i gcoinne bagairtí slándála agus sábháilteachta.
  • Ligfidh sé d’údaráis Custam an AE lastaí a bhfuil riosca ard ag baint leo a shainaithint níos fearr agus idirghabháil a dhéanamh ag an bpointe is cuí sa slabhra soláthair.
  • Imréiteach trasteorann ar thrádáil dhlisteanach a éascú.
  • An malartú faisnéise idir Oibreoirí Eacnamaíochta agus na húdaráis Custam Eorpach a shimpliú.

Ar aghaidh: Sceideal eisiúna ICS 2