Oibreoir bád farantóireachta
Earraí a iompar isteach go hÉirinn ón mBreatain Mhór
Fógra Réamhbhordála (FRB)
Ag tráth na seiceála isteach, ní mór d’oibreoirí bád farantóireachta uimhir thagartha an Fhógra Réamhbhordála a fháil ón tiománaí. Ní mór don tarlóir nó ionadaí an tarlóra Fógra Réamhbhordála bailí a chomhlánú agus é a chur ar fáil do Chustaim na hÉireann sula bhfágann na hearraí an Bhreatain Mhór.
Tabhair do d’aire
Ní cheadófar feithiclí ar bord bád farantóireachta sa Bhreatain Mhór gan FRB bailí a bheith acu.
Dearbhú Sábháilteachta agus Slándála Iompórtála (ENS)
Mar iompróir na n-earraí, iarrtar ort de réir dlí go dtíolactar dearbhú leictreonach custam Sábháilteachta agus Slándála le haghaidh na n-earraí uile atá ar bord. Ní mór é seo a thíolacadh do Chustaim na hÉireann sula bhfágann na hearraí an Bhreatain Mhór.
Tugtar Dearbhú Iontrála Achomair (ENS) air seo. Féadtar tuilleadh eolais a fháil in Import Control System (ICS) trader guide.
Ar aghaidh: Earraí a iompar ó Éirinn chuig an mBreatain Mhór