Oibreoir bád farantóireachta

  1. Léargas ginearálta
  2. Earraí a iompar isteach go hÉirinn ón mBreatain Mhór
  3. Earraí a iompar ó Éirinn chuig an mBreatain Mhór

Earraí a iompar ó Éirinn chuig an mBreatain Mhór

Fógra Réamhbhordála (FRB)

Ag tráth na seiceála isteach, ní mór d’oibreoirí bád farantóireachta uimhir thagartha an Fhógra Réamhbhordála a fháil ón tiománaí.

Ní mór don easpórtálaí nó ionadaí an easpórtálaí Fógra Réamhbhordála a chomhlánú agus é a chur ar fáil do Chustaim na hÉireann sula bhfágann na hearraí Éire.

Tabhair do d’aire

Ní cheadófar feithiclí ar bord bád farantóireachta in Éirinn atá beartaithe dul chuig an mBreatain Mhór gan FRB bailí acu.

Dearbhú Sábháilteachta agus Slándála Easpórtála (DIA)

Mar iompróir na n-earraí, iarrtar ort de réir dlí a chinntiú go dtíolactar dearbhú leictreonach custam Sábháilteachta agus Slándála do Chustaim na hÉireann. Ní mór é seo a thíolacadh roimh easpórtáil a dhéanamh ó Éirinn. Tugtar Dearbhú Imeachta Achomair (DIA) air seo.

Ag tráth na heaspórtála, féadtar an fhaisnéis ón Dearbhú Sábháilteachta agus Slándála a thabhairt le chéile leis an bhfaisnéis ón dearbhú easpórtála custam. Is gnách go gcomhlánaíonn an t-easpórtálaí nó an gníomhaire an dearbhú easpórtála.

Tabhair do d'aire

Tá riachtanais na Ríochta Aontaithe maidir le hiompórtálacha ó Éirinn le teacht i bhfeidhm ón 31 Eanáir 2024. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an sceideal forfheidhmithe.