Tarlóirí agus lasta-sheoltóirí

Earraí a iompar isteach go hÉirinn ó Bhallstát eile AE tríd an mBreatain Mhór

Dearbhú Custam – idirthuras

Féadtar d’earraí a bhogadh ó Bhallstát eile de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) tríd an mBreatain Mhór go hÉirinn le dearbhú idirthurais. Sa chás seo, ní mór cóip fhisiciúil a bheith ag an tiománaí den Doiciméad Tionlacain Idirthurais (DTI). Ní mór an Mháistir-Uimhir Thagartha (MUT) uathúil ón ngluaiseacht sin a bheith sa DTI.

Riachtanais i leith taistil tríd an mBreatain Mhór

Táthar ag súil go gcláróidh gach tarlóir leis an HMRC le haghaidh uimhir EORI. Féadtar é seo a dhéanamh in Get an EORI number UK.

Maidir le gluaiseachtaí idirthurais ón AE go hÉirinn tríd an mBreatain Mhór, beidh ort an goods vehicle movement service (GVMS) a úsáid. Ní mór duit é seo a úsáid chun goods movement reference number (GMR) a fháil chun aon earra a iompar tríd an gcalafort sa Ríocht Aontaithe. Ba chóir go mbeadh an uimhir thagartha um dhearbhú idirthurais do na hearraí sa bhfeithicil san áireamh ar GMR.

Nuair is cuí, teastaíonn réamhfhógra ar import of products, animals, food and feed system (IPAFFS) chomh maith. Ní fhéadann tiománaithe dul ar bord báid farantóireachta idirnáisiúnta, nó dul isteach chuig an Eurotunnel, gan GMR bailí.

Tar éis dul ar bord, agus roimh theacht isteach chuig calafort na Ríochta Aontaithe, ba chóir duit do GMR a úsáid sa tseirbhís 'check if you need to report for an inspection’ le seicieáil an bhfuil seiceálacha ag teastáil i leith d’earraí.

Tabhair do d'aire

Ma tá seiceálacha ag teastáil, féadfaidh sé go mbeidh ort freastal ar Inland Border Facility eile de chuid na Ríochta Aontaithe chun na seiceálacha seo a chur i gcrích.

Roimh an Ríocht Aontaithe a fhágáil go dtí Éirinn, beidh ort Dearbhú Imeachta Achomair a thíolacadh don HMRC leis na gnásanna sa Bhreatain Mhór a chomhlánú. Mar iompróir na n-earraí, ní mór duit a sheiceáil go bhfuil an páipéarachas atá ag teastáil uait agat chun an teorainn idir an Bhreatain Mhór agus an AE a thrasnú.

Gheobhaidh tú eolas úsáideach in Moving goods under transit procedure via the UK landbridge: EU- Great Britain - Ireland.

Dearbhú Sábháilteachta agus Slándála Iompórtála (ENS)

Mar iompróir na n-earraí, iarrtar ort de réir dlí a chinntiú go dtíolactar dearbhú leictreonach custam Sábháilteachta agus Slándála do Chustaim na hÉireann. Ní mór é seo a thíolacadh roimh an mBreatain Mhór a fhágáil. Tugtar Dearbhú Iontrála Achomair (ENS) air seo.

Má tá earraí á mbogadh agat ag baint úsáid as seirbhís RóRó (tionlactha), meastar gur tusa an t-iompróir. Dá bhrí sin, ní mór duitse a chinntiú go dtíolactar an DIA.

Teastaíonn an fhaisnéis ar an Dearbhú Sábháilteachta agus Slándála le haghaidh gach earra ar dhearbhú idirthurais. Leis an dearbhú a thíolacadh, ní mór pacáiste bogearraí custam a úsáid. De rogha air sin, féadann bróicéir custam, ag gníomhú ar do shon, an dearbhú a thíolacadh. Féadtar tuilleadh eolais a fháil in Import Control System (ICS) trader guide.

Má tá earraí á mbogadh agat ag baint úsáid as seirbhís báid farantóireachta (neamhthionlactha), meastar gurb é an t-oibreoir báid farantóireachta an t-iompróir. Tá dualgas ort de réir dlí a chinntiú go dtíolactar an DIA le haghaidh na n-earraí neamhthionlactha uile ar bord. Féadann páirtithe eile sa slabhra soláthair é seo a chomhlánú.

Fógra Réamhbhordála (FRB)

Má iompraítear earraí ón mBreatain Mhór go hÉirinn ag baint úsáid as seirbhísí farantóireachta RóRó (tionlactha nó neamhthionlactha), ní mór Fógra Réamhbhordála a thíolacadh do Chustaim na hÉireann. Ní mór an fógra seo a thíolacadh sula bhfágann na hearraí an Bhreatain Mhór.

Tá an tarlóir freagrach as cinntiú go dtíolactar an FRB ag baint úsáid as an bhfaisnéis a chuireann an t-iompórtálaí ar fáil. Féadann aon duine sa slabhra soláthair a bhfuil an fhaisnéis riachtanach acu an FRB a chruthú, áfach. Níor chóir ach FRB amháin in aghaidh na feithicle a chruthú, is cuma líon na lastaí san fheithicil.

Tabhair do d’aire

Ní cheadófar feithiclí ar bord bád farantóireachta sa Bhreatain Mhór gan FRB bailí a bheith acu.

Ar aghaidh: Earraí a iompar ó Éirinn chuig an mBreatain Mhór