Tarlóirí agus lasta-sheoltóirí

Earraí a iompar isteach go hÉirinn ón mBreatain Mhór

Dearbhú Sábháilteachta agus Slándála Iompórtála (ENS)

Mar iompróir na n-earraí, iarrtar ort de réir dlí a chinntiú go dtíolactar dearbhú leictreonach custam Sábháilteachta agus Slándála do Chustaim na hÉireann. Ní mór é seo a thíolacadh roimh an mBreatain Mhór a fhágáil. Tugtar Dearbhú Iontrála Achomair (ENS) air seo.

Má tá earraí á mbogadh agat ag baint úsáid as seirbhís RóRó (tionlactha), meastar gur tusa an t-iompróir. Dá bhrí sin, ní mór duitse a chinntiú go dtíolactar an DIA le haghaidh na n-earraí uile ar bord an fheithicil. Chun é seo a dhéanamh, ní mór pacáiste bogearraí custam a úsáid. De rogha air sin, féadann bróicéir custam, ag gníomhú ar do shon, an dearbhú a thíolacadh. Féadtar tuilleadh eolais a fháil in Import Control System (ICS) trader guide.

Má tá earraí á mbogadh agat ag baint úsáide as seirbhís báid farantóireachta (neamhthionlactha), meastar gurb é an t-oibreoir báid farantóireachta an t-iompróir. Tá dualgas ort de réir dlí a chinntiú go dtíolactar an DIA le haghaidh na n-earraí neamhthionlactha uile ar bord. Féadann páirtithe eile sa slabhra soláthair an DIA a chomhlánú. Molann muid féachaint ar shuíomh idirlín an HMRC chun an t-eolas is déanaí a fháil faoi riachtanais easpórtála sa Ríocht Aontaithe.

Dearbhuithe iompórtála

Teastaíonn dearbhú custam le haghaidh earraí a iompórtáiltear ón mBreatain Mhór go hÉirinn. Tá an t-iompórtálaí freagrach as cinntiú go gcomhlánaítear an dearbhú.

Fógra Réamhbhordála (FRB)

Má iompraítear earraí ón mBreatain Mhór go hÉirinn ag baint úsáid as seirbhísí farantóireachta RóRó (tionlactha nó neamhthionlactha), ní mór Fógra Réamhbhordála a thíolacadh do Chustaim na hÉireann. Ní mór an fógra seo a thíolacadh sula bhfágann na hearraí an Bhreatain Mhór.

Tá an tarlóir freagrach as cinntiú go dtíolactar an FRB ag baint úsáide as an bhfaisnéis a chuireann an t-iompórtálaí ar fáil. Féadann aon duine sa slabhra soláthair a bhfuil an fhaisnéis riachtanach acu an FRB a chruthú, áfach. Níor chóir ach FRB amháin in aghaidh na feithicle a chruthú, is cuma líon na gcoinsíneachtaí san fheithicil.

Tabhair do d’aire

Ní cheadófar feithiclí ar bord bád farantóireachta sa Bhreatain Mhór gan FRB bailí a bheith acu.

Ar aghaidh: Earraí a iompar isteach go hÉirinn ó Bhallstát eile AE tríd an mBreatain Mhór